Athruithe Ábhartha Beartaithe ar Dhréachtphlean Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall, 2024-2030, ar a n-áirítear Pleananna Ceantair Áitiúla do Bhun Cranncha, do Bhealach Féich/Srath an Urláir agus do Bhun Dobhráin

Dúnta8 Már, 2024, 9:00am - 5 Aib, 2024, 4:30pm

Primary tabs

Athruithe Ábhartha Beartaithe ar Dhréachtphlean Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall, 2024-2030, ar a n-áirítear Pleananna Ceantair Áitiúla do Bhun Cranncha, do Bhealach Féich/Srath an Urláir agus do Bhun Dobhráin

D’fhoilsigh an Chomhairle Leasuithe/Athruithe Ábhartha Beartaithe ar Dhréachtphlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2024-2030 le haghaidh comhairliúchán poiblí ón Aoine 8 Márta go dtí 4.30pm 5 Aibreán 2024.

San áireamh sna hathruithe beartaithe tá téacs, polasaithe agus cuspóirí úra agus leasaithe, agus athruithe i dtaca le criosú. Is féidir leat na hathruithe beartaithe a fheiceáil faoin cheannteideal ‘Ábhair’ trasna uaidh seo. Tá na hathruithe ar fáil lena scrúdú fosta ag oifigí de chuid na Comhairle agus ag leabharlanna poiblí. Tríd an amharcóir idirghníomhach léarscáilíochta thig leat na hathruithe léarscáilíochta atá beartaithe ar na Creata Lonnaíochta agus ar Dhorchlaí Bealaí Thionscadal Straitéiseach Bonneagair TEN-T PRIPD a fheiceáil fosta, chomh maith le Sonrúcháin Fuinnimh Gaoithe agus Ardscéimhe.

Ghlac na Comhairleoirí leis na hathruithe beartaithe ag cruinnithe de chuid na Comhairle i mí Feabhra 2024, i ndiaidh dóibh plé a dhéanamh ar Thuairisc an Phríomh-Fheidhmeannaigh maidir leis na haighneachtaí a fuarthas le linn an chomhairliúcháin phoiblí ar an Dréachtphlean.

Tá Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST), Measúnacht Iomchuí (MI) agus Measúnacht Straitéiseach um Baol Tuilte (MSBT) déanta ar na hAthruithe Beartaithe. Is féidir leat na doiciméid ghaolmhara leasaithe seo a leanas a léamh chomh maith; an Tuarascáil Timpeallachta, An Tuarascáil Tionchair Natura agus an Tuarascáil ar an Mheasúnacht Straitéiseach um Baol Tuilte, faoin fhotheideal ‘Ábhair’ trasna uaidh seo. 

Is féidir leat aighneacht scríofa a dhéanamh maidir leis na hAthruithe/Athruithe Ábhartha Beartaithe agus na tuarascálacha thuasluaite idir An Aoine 8 Márta agus 4.30pm An Aoine 5 Aibreán 2024 (an dá dháta sin san áireamh):

  • Trí chliceáil ar an chnaipe ‘Déan Aighneacht’ trasna uaidh seo.
  • Trí Ríomhphost a sheoladh: donegaldevplan@donegalcoco.ie
  • Sa Phost: An Lár-Aonad Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, F93 Y622.

Cuir isteach Athruithe Ábhartha Beartaithe sa líne teidil/ líne ábhair, agus cuir isteach d'ainm iomlán agus do sheoladh iomlán.

Is é an spriocam deireanach chun aighneachtaí a fháil ná 4.30pm Dé hAoine 5 Aibreán 2024.

Déanfar gach aighneacht a bhreithniú sula ndéanfar aon athrú ábhartha ar an Dréachtphlean.   

Foilseofar aighneachtaí nó tuairimí scríofa, iad páirtfholaithe ar mhaithe le príobháideachas seachas i gcúinsí eisceachtúla, ar consult.donegal.ie laistigh de dheich lá i ndiaidh don Údarás iad a fháil.  

Téamaí

planning
Glac síntiús