Dréacht Fodhlíthe Chomhairle Contau Dhún na nGall (Dramhaíl Cois Cosáin a Chur Amach Don Bhailiú) 2024

Oscailte28 Már, 2024, 9:00am - 28 Bea, 2024, 4:30pm

 

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Dhún na nGall, chun críche an dea-bhainistiú dramhaíola agus coisceadh nó smachtú an truaillithe timpeallachta, Fodhlíthe a cheapadh faoi Alt 35(1) den Acht um Bhainistiú Dramhaíola 1996. Cuirfidh na Fodhlíthe seo, ach a rithfear iad, de cheangal ar an té a bhfuil dramhaíl tí nó tráchtála aige an dramhaíl sin a chur amach le haghaidh a bailithe nó a thabhairt chuig saoráid de réir na bhFodhlíthe seo.

 

Pléann na Fodhlíthe le scaradh, stóráil, cur amach agus bailiú na gcineálacha éagsúla dramhaíola. Beidh aon duine a sháróidh na Fodhlíthe seo ciontach i gcion agus gearrfar pionós orthu mar atá leagtha amach sna Dréacht-Fodhlíthe.

 

Beidh tosach feidhme in 2024 leis na Fo-dhlíthe, ach a rithfear iad.

 

Beidh cóip de na fodhlíthe ar fáil le haghaidh Breithniú Poiblí ar https://consult.donegal.ie agus chomh maith leis sin in Ionaid Seirbhísí Poiblí Chomhairle Contae Dhún na nGall go ceann dhá mhí, ón Déardaoin an 28ú Márta 2024 go dtí an Mháirt an 28ú Bealtaine, agus beidh siad ar fáil saor in aisce.

 

Iarrtar anois aighneachtaí i leith na bhFodhlíthe agus is féidir iad a dhéanamh i scríbhinn ar https://consult.donegal.ie nó chuig an Rannóg Timpeallachta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn, Bóthar Neil T. Blaney, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 TNY3 roimh an Mháirt an 28ú Bealtaine 2024 leis an fhoirm a chuirfear ar fáil leis na dréacht-Fhodhlíthe.

 

Aighneachtaí

Téamaí

Environment
Bye Laws

Litir Chlúdaigh (Roghnach)

Glac síntiús