Dréachtphlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2024-2030 Chomhairliúchán Poiblí

Dúnta4 Lún, 2023, 9:00am - 13 D.F., 2023, 4:30pm

Primary tabs

Tá Dréacht-Phlean Forbartha Contae 2024-2030 réitithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall. Thig leat an dréachtphlean, agus na tuarascálacha teicniúla a bhaineann leis, a léamh anseo.  

Tá Pleananna Ceantair do Bhun Cranncha, Bealach Féich/Srath an Urláir, agus Bun Dobhráin sa Dréachtphlean freisin.

Is féidir leat aighneacht scríofa a dhéanamh ar an Dréachtphlean idir an 4 Lúnasa agus an 13 Deireadh Fómhair 2023 (an dá dháta san áireamh)

  • Ar Líne: Trí chliceáil ar an chnaipe chun aighneacht a dhéanamh;
  • Trí R-phost: donegaldevplan@donegalcoco.ie (Cuir isteach ‘Plean Forbartha Dhún na nGall’ i líne an ábhair le do thoil);
  • Sa Phost: Seol chuig:  An Láraonad Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear.

Déan aighneacht trí mheán amháin le do thoil. De ghnáth, foilseofar aighneachtaí, arna n-eagrú ar mhaithe le cúrsaí príobháideachta, ar shuíomh Gréasáin na Comhairle laistigh de 10 lá tar éis iad a fháil.

Tar éis an chomhairliúcháin phoiblí, ullmhófar Tuarascáil an Phríomh-Fheidhmeannaigh ina liostaítear agus ina ndéanfar achoimre ar na haighneachtaí a rinneadh agus ina dtabharfar freagra an Phríomh-Fheidhmeannaigh ar na saincheisteanna sin.

Cuirfidh Comhairleoirí an tuarascáil seo san áireamh sula ndéanfaidh siad aon leasú ar an phlean. Beidh aon leasú ábhartha faoi réir tuilleadh comhairliúcháin phoiblí.

Return to www.donegaldevplan.ie