Dréachtphlean Leitir Ceanainn agus Plean Iompair Áitiúil 2023-2029

Closed6 Jan, 2023, 9:00am - 17 Feb, 2023, 4:30am

Primary tabs

Moladh i dtaca le Plean Ceantair Áitiúil a dhéanamh do Leitir Ceanainn

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Dhún na nGall Plean Ceantair Áitiúil a dhéanamh do Leitir Ceanainn mar atá leagtha amach fána choinne faoi Alt 18 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú).  Tá dréacht den Phlean Ceantair Áitiúil (“Dréachtphlean Leitir Ceanainn agus Plean Iompair Áitiúil 2023-2029”) ullmhaithe ag an Chomhairle le haghaidh comhairliúchán poiblí.

Gabhann na tuarascálacha seo a leanas leis an Dréachtphlean: (i) Tuarascáil Timpeallachta ar na héifeachtaí suntasacha ar dócha a bheith ann don timpeallacht mar thoradh ar chur i bhfeidhm an phlean cheantair áitiúil i gcomhréir leis na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú); (ii) Tuarascáil Tionchair Natura (Céim 2 Measúnacht Iomchuí) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir Ghnáthóg an AE (92/443/EEC); (iii) Measúnacht Straitéiseach ar Bhaol Tuilte agus (iv) Tuarascáil ar Shamhaltú Tráchta. 

Tá cóipeanna den Dréachtphlean agus Tuarascálacha Gaolmhara ar fáil anois trí chliceáil ar na naisc thíos -

Dréachtphlean Leitir Ceanainn agus Plean Iompair Áitiúil 2023-2029

Dréacht Mhapa Criosaithe Talumhúsaide

Léarscáil Idirghníomhach

Tuarascáil Timpeallachta

Tuarascáil Tionchair Natura

Measúnacht Straitéiseach ar Bhaol Tuilte

Tuarascáil ar Shamhaltú Tráchta

Is féidir cóipeanna de na doiciméid thuasluaite a scrúdú le linn gnáthuaireanta oifige ón Luan go dtí an Aoine 9.00am go dtí 12.30pm agus 1.00pm go dtí 4.30pm ón Aoine 6 Eanáir 2023 – Aoine 17 Feabhra 2023 (agus an dá dháta sin san áireamh) sna hoifigí seo a leanas de chuid na Comhairle:

  • An Oifig Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear.
  • Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn, Bóthar Neil T Uí Bhléine, Leitir Ceanainn.
  • Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile na nGallóglach, An Phríomhshráid, Baile na nGallóglach.
  • Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith, Bóthar Ghaoth Dobhair, An Clochán Liath.
  • Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnach, Bóthar Mhálanna, Carn Domhnach.
  • Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall, Droim Lonachair, Baile Dhún na nGall.

Is féidir cóipeanna de dhoiciméid a cheannach ach an táille/ na táillí seo a leanas a íoc:

  1. Dréachtphlean Leitir Ceanainn agus Plean Iompair Áitiúil 2023-2029 - €40.00;
  2. Tuarascáil Timpeallachta - €10.00;
  3. Doiciméid Eile - €5.00;
  4. Costas Poist - €5.00.

Is féidir aighneachtaí nó breathnúcháin i dtaca leis an Dréachtphlean agus na tuarascálacha gaolmhara, a dhéanamh idir An Aoine 6 Eanáir 2023 agus An Aoine 17 Feabhra 2023 (an dá dháta sin san áireamh):

  • i scríbhinn chuig an Údarás Pleanála ag: An Lár-Aonad Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, F93 Y622;
  • trí thairseach chomhairliúcháin ar líne na Comhairle ag consult.donegal.ie ; nó
  • trí ríomhphost chuig letterkennyplan@donegalcoco.ie (scríobh an méid seo a leanas mar theideal ábhair ar an ríomhphost: Plean Leitir Ceanainn). I gcás aighneacht atá á dhéanamh trí ríomhphost, is gá ainm agus seoladh iomlán an té atá ag cur isteach na haighneachta a chur ann.

Tabhair faoi deara: Iarrtar ort gan ach meán amháin a úsáid le haighneacht a dhéanamh i.e. cóip chrua, ríomhphost nó tríd an tairseach chomhairliúcháin. Is é an dáta deireanach a ghlacfar le haighneachtaí ná 4.30pm Dé hAoine 17 Feabhra 2023.  Seachas i gcásanna eisceachtúla, foilseofar aighneachtaí agus tuairimí scríofa, ach eolas ceilte ar mhaithe le cúiseanna príobháideachais, ar shuíomh gréasáin an údaráis laistigh de 10 lá oibre ón lá a bhfaigheann an t-údarás sin é.

Cuirfidh an tÚdarás Pleanála san áireamh aighneachtaí nó breathnúcháin a dhéanfar faoi gach doiciméad. Is féidir le páistí, nó grúpaí nó cumainn a dhéanann ionadaíocht ar leasa páistí, aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach.

Themes

Tithíocht
Forbairt Gheilleagrach
Lár an Bhaile
Riosca Tuile
Oidhreacht Nádúrtha agus Thógtha
Sóisialta Pobal agus Cultúr
Iompar agus Soghluaiseacht Inbhuanaithe
Bonneagair
Eile
Subscribe