Téarmaí agus Coinníollacha

Téarmaí Úsáide an Ardáin

6th April 2022

Réamhrá

Go raibh maith agat as cuairt a thabhairt ar ardán comhairliúcháin Chontae Dhún na nGall agus caidreamh a bhunú linn. Is é Aphelion Ltd., atá i mbun trádála mar CiviQ, a sholáthraíonn an t-ardán seo agus na seirbhísí tacaíochta a ghabhann leis. Is áis é an t-ardán chun do thuairimí a roinnt linn. Baineann na téarmaí seo leis an mbealach ba cheart an t-ardán seo a úsáid sa chaoi go mbeidh sé ina thimpeallacht shábháilte dhearfach do chách. Má thagann tú ar ábhar a sháraíonn na téarmaí seo, dar leat, déan teagmháil linn ag dpo@donegalcoco.ie

Nuair a chláraíonn tú leis an Ardán, cuireann tú in iúl gur léigh tú na Téarmaí Úsáide seo, go dtuigeann tú iad agus go gcomhaontaíonn tú a bheith faoi cheangal acu. Mura gcomhaontaíonn tú ní ceadmhach duit an tArdán a úsáid agus ba cheart duit do chuntas a dhúnadh (féach thíos).

Maidir leis an ardán

Is ardán í an tairseach comhairliúcháin (dá ngairtear “an tArdán" anseo feasta) chun doiciméid comhairliúcháin ar líne a chruthú agus páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin sin ach úsáid chuí a bhaint as téacs, naisc, próifílí, comhaid fuaime, grianghraif, físeáin agus meáin eile (dá ngairtear “Ábhar" anseo feasta) chun aighneachtaí a thabhairt, tráchtanna a dhéanamh, aighneachtaí daoine eile a roinnt agus tacaíocht a léiriú dóibh nuair is cuí sin.

Príobháideachas

Tá do phríobháideachas an-tábhachtach dúinn. Léigh an Beartas Príobháideachais le foghlaim cén chaoi a ndéanann Comhairle Chontae na Dhún na nGall do chuid sonraí pearsanta a bhailiú, a úsáid agus a chosaint. Molaimid duit é sin a léamh sula gcláraíonn tú leis an Ardán agus sula n-úsáideann tú é.

Athruithe ar na Téarmaí Úsáide Seo

Féadfaimid cur leis na Téarmaí Úsáide seo nó codanna díobh a athrú, a mhionathrú nó a scriosadh. Taispeánfar ar an suíomh seo cén dáta deireanach a nuashonraíodh na Téarmaí agus molaimid go gcuirfidh tú thú féin ar an eolas fúthu. Má úsáideann tú an t-ardán, tugann sin le tuiscint go nglacann tú leis na Téarmaí Úsáide.

An úsáid a bhaineann tú as an Ardán

Ionadaíocht do chuideachta nó d'eintiteas eile

Má úsáideann tú an tArdán mar ionadaí do chuideachta nó d'eintiteas eile (lena n-áirítear ach nach dteorainnítear chuig eagraíochtaí carthanais nó saorálaithe, aontais mhac léinn, ceardchumainn, institiúidí léinn, comhlachais tráchtála agus ranna rialtais) tugann tú le fios go bhfuil tú údaraithe chun glacadh leis na Téarmaí Úsáide seo ar son na cuideachta nó an eintitis sin, agus comhaontaíonn tú go dtagraíonn na forainmneacha “tú” agus “tusa” agus an aidiacht shealbhach “do” do do chuideachta nó d'eintiteas eile.

A nglacann tú leis nuair a ghlacann tú páirt san Ardán

Is é d'fhreagracht é cloí le gach dlí is infheidhme a bhféadfadh feidhm a bheith aici maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an Ardán agus leis an ábhar a chuireann tú in airde air, á choinneáil i gcuimhne gur áis dhomhanda é an tIdirlíon.

Ní bheidh Comhairle Chontae Dhún na nGall ná Aphelion faoi aon dliteanas mar gheall ar aon Ábhar a chuireann úsáideoirí in airde ar an Ardán ná freagrach as a bhfuil i dtráchtanna úsáideora; ní thacaíonn siad lena bhfuil sna tráchtanna sin ná ní bhárántaíonn siad iad ó thaobh cruinnis, fírinne, dlíthiúlachta nó iontaofachta de.

Páirt a ghlacadh go freagrach

Sa chaoi go mbeidh an tArdán ina spás sábháilte don phobal agus go mbainfear úsáid as go cóir, comhaontaíonn tú GAN an tArdán a úsáid chun:

  • Ábhar mídhleathach nó drochídeach a chur in airde
  • Dímheas a léiriú do dhaoine eile
  • Drochíde a thabhairt do dhaoine eile nó iad a chlúmhilleadh, a chiapadh, a stácáil, a bhagairt nó a gcearta (amhail cearta príobháideachais agus poiblíochta) a shárú ar aon bhealach eile
  • Tuairimíocht a dhéanamh faoi aitheantas úsáideora anaithnid nó úsáideora a bhfuil ainm bréige leis ná an t-aitheantas sin a scaoileadh
  • Faisnéis phearsanta a iarraidh ar aon duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois
  • Díobháil d'aon sórt a dhéanamh do dhaoine faoi aois
  • Pasfhocail nó faisnéis aitheantais phearsanta a iarraidh ar aon duine
  • Iarracht a dhéanamh rochtain neamhúdaraithe a fháil ar chomhéadan nó ar chodanna riaracháin an Ardáin, ar chuntais úsáideora, ar chórais ríomhaire nó ar líonraí atá ceangailte leis an Ardán, bíodh sin trí mhianadóireacht pasfhocal nó aon bhealach eile
  • Ábhar foréigneach nó gáirsiúil a chur in airde nó ábhar ina bhfuil nasc le suíomh gréasáin do dhaoine fásta amháin.
  • Ábhar a chur in airde a chuireann ar aghaidh nó a mhisníonn aon ghníomhaíocht mhídhleathach
  • Ábhar a chur in airde a sháraíonn aon phaitinn, trádmharc, rún ceirde, cóipcheart, cearta príobháideachais nó poiblíochta, nó aon cheart dílseánaigh nó maoine intleachtúla de chuid aon pháirtí
  • Ábhar a chur in airde ina bhfuil víris ríomhaireachta nó feidhmchláir mhailíseacha

Do chuntas agus na sonraí ann

Iarrfar ort pasfhocal a chruthú mar chuid den phróiseas cláraithe.

Beidh tú freagrach as an bpasfhocal a choimeád slán agus as aon ghníomhaíocht a dhéantar faoi d'ainm úsáideora. Molaimid go láidir nach n-úsáidfidh tú pasfhocal atá in úsáid agat cheana féin áit éigin eile. Comhaontaíonn tú gan do chuntas a roinnt le haon duine.

Comhaontaíonn tú go gcuirfidh tú ar an eolas muid láithreach má cheapann tú gur baineadh úsáid neamhúdaraithe as do chuntas nó do phasfhocal. Féadfaidh tú do phasfhocal agus do phróifíl a athrú ach na treoracha ar an suíomh a leanúint.

Ní bheidh Comhairle Chontae Dhún na nGall ná Aphelion faoi dhliteanas mar gheall ar aon chaillteanas a d'fhéadfá a thabhú de bharr duine éigin eile bheith ag úsáid do phasfhocal nó do chuntas, nó ag fáil teacht orthu, bíodh sin i ngan fhios duit nó a mhalairt.

Ábhar a chur leis an Ardán

Is tusa atá freagrach go hiomlán as d'iompraíocht ar an Ardán agus as aon Ábhar a chuireann tú isteach ann, in airde ann agus/nó ar taispeáint ann. Aontaíonn tú gan ábhar atá in aghaidh an bheartais modhnóireachta a chur leis an Ardán.

Ábhar Clúmhillteach

Oibríonn an tArdán ar bhonn "tabhair fógra and bain anuas". Má chreideann tú go bhfuil ráiteas clúmhillteach curtha in airde ar an Ardán, cuir sin in iúl láithreach don chomhlacht oifigiúil nó don roinn atá freagrach as an gcomhairliúchán lena mbaineann an t-ábhar.

Cearta Comhairle Dhún na nGall agus Aphelion

Slánaíocht agus tarscaoileadh

Aontaíonn tú Comhairle Chontae Dhún na nGall, Aphelion, agus conraitheoirí, fostaithe agus soláthraithe teicneolaíochta gaolmhara a shlánú, a chosaint agus a choinneáil saor ó dhochar ó agus in éadan aon éilimh, caillteanais, damáiste, costas, nó dliteanais tríú páirtí, lena n-áirítear costais réasúnta dlí, arna ndéanamh nó arna dtionscnamh ag aon tríú páirtí de thoradh nó ag eascairt as:

1.    An úsáid a bhain tú as an Ardán nó as aon chuid de,

2.    Sárú ar do thaobhsa ar na Téarmaí Úsáide seo, ar ár Ráiteas Príobháideachais nó ar ár mBeartas Modhnóireachta,

3.    An sárú nó an mídhílsiú a rinne tú féin, nó tríú páirtí ag úsáid do ríomhaire, ar aon chuntas nó aon phasfhocal chun an tArdán a rochtain agus/nó a úsáid,

4.    Sárú ar aon chearta maoine intleachtúla atá ag aon duine nó eintiteas.

Dlí rialaithe

Beidh an comhaontú seo faoi rialú ag dlí na hÉireann.