Cruinniú na nÓg - Have Your Say for 2024

Dúnta29 Ean, 2024, 09:00 - 16 Fea, 2024, 17:00

Is féile chruthaitheach é Cruinniú na nÓg do pháistí agus do Dhaoine Óga (0-18 mbliana d’aois) Dé Sathairn 15 Meitheamh 2024. Táimid ag pleanáil imeachtaí SAOR IN AISCE faoi láthair le bheith ar siúl ar an dáta.  Is deis é  triail a bhaint as rudaí úr cruthaitheach agus ba mhaith linn moltaí a fháíl ó Dhaoine Óga ar fud Dhún na nGall ar cad atá le déanamh againn.  Ba mhaith linn TUSA roinnt rudaí a mholadh ar mhaith leat a dhéanamh nó triail a bhaint astu in ionad nó sa bhaile ionas gur féidir linn na gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl don imeacht a roghnú do lá Cruinniú na nÓg 2024.

Déanaimid ár gcinntí cláir bunaithe ar a bhfuil molta anseo mar aon le glaoch oscailte chuig ealaíontóirí áitiúla. B’fhéidir nach mbeimid in ann na moltaí ar fad a chur i gcrích, ach déanfaimid ár ndícheall. Tá fáilte mhór roimh gach moladh is cuma cé chomh mór nó cé chomh beag.

Tá an dáta dúnta thart agus ní ghlactar le haighneachtaí a thuilleadh.