Suirbhé maidir le Tithíocht Inacmhainne 2024

Dúnta21 Fea, 2024, 5:00pm - 12 Aib, 2024, 5:00pm

Tá sé de chuspóir ag Scéim Ceannaigh Inacmhainne na nÚdarás Áitiúil cuidiú le daoine a bhfuil teacht isteach measartha acu tithe úra a cheannach ar phraghas laghdaithe. Bíonn tithe úra faoin scéim seo suite i gceantair ina bhfuil an riachtanas is mó tithíocht agus ina bhfuil deacracht le hinacmhainneacht (affordability). Faoin scéim, glacann an Chomhairle scair (a share) ar do theach, méid a chlúdaíonn an laghdú sa phraghas ar do theach. Mar sin de, má cheannaíonn tú an teach ar lacáiste (discount) 20%, beidh scair 20% ag an Chomhairle ar do theach.

Tá tuilleadh eolais faoin scéim ar fáil ag Scéim Ceannaigh Inacmhainne na nÚdarás Áitiúil (citizensinformation.ie) agus Treoir Céim ar Chéim | Tithe Inacmhainne Éireann.

Níl Dún na nGall san áireamh go fóill i Scéim Tithíochta Inacmhainne na nÚdarás Áitiúil. Is é an cuspóir atá leis an suirbhé seo ná:

  1. Eolas a bhailiú faoin éileamh (demand) a bheadh ar an Scéim i gContae Dhún na nGall.
  2. An líon daoine a bheadh incháilithe (eligible) a oibriú amach do Dhún na nGall (faoi  na téarmaí agus na critéir atá ag an Scéim).
  3. Ag brath ar thoradh uimhir 2 thuas, cead a lorg ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun Contae Dhún na nGall a chur san áireamh sa Scéim.

Má cheadaítear an Contae lena chur san áireamh ar Scéim Tithíochta Inacmhainne na nÚdarás Áitiúil, beidh próiseas foirmeálta eile ann chun iarratas a dhéanamh, agus fógrófar é de réir choinníollacha na Scéime.

Tá an Chomhairle, mar sin de, ag machnamh ar thithíocht inacmhainne a sholáthar sa chontae sna blianta amach romhainn, ach cead a fháil ón Roinn, agus má tá suim agus éileamh ann i measc teaghlaigh incháilithe (eligible).

An Suirbhé.

Chun cuidiú leis an Chomhairle pleanáil le haghaidh Tithíocht Inacmhainne (affordable) amach anseo (san áit a bhfuil gá) tá muid ag déanamh an tsuirbhé seo san am i láthair. Go sonrach, baileoidh an suirbhé eolas i dtaca le:

  • Líon na ndaoine/teaghlach a bhfuil suim acu i dtithíocht inacmhainne
  • Leibhéil ioncaim ag Teaghlaigh (tá sé seo tábhachtach lena fháil amach an mbeadh na daoine a d’fhéadfadh iarratas a dhéanamh faoi théarmaí na Scéime, an mbeadh siad incháilithe)
  • Méid an teaghlaigh
  • Cineál tithíochta/cóiríochta (accommodation) atá de dhíth.
  • Praghasanna tí a d’fhéadfadh daoine a bheith ábalta a íoc
  • Cén ceantar a b’fhearr leo cónaí ann.

Más Ceannaitheoir Céaduaire nó Iarratasóir Tús Úr thú, iarrtar ort an suirbhé a líonadh isteach. Tá eolas maidir leis na critéir incháilitheachta (eligibility criteria) ar fáil ag Incháilitheacht | Tithe Inacmhainne Éireann.

Tá an t-eolas seo á lorg, agus coinneoidh Comhairle Contae Dhún na nGall é, de bhun a cuid feidhmeanna mar Údarás Tithíochta maidir le Tithíocht agus Tithíocht Inacmhainne faoi:

  • Na hAchtanna Tithíochta 1966-2015, agus
  • Cuid 5 den Acht Tithíochta (Forálacha Éagsúla) 2009, agus
  • Alt 96 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (de réir mar a leasaíodh é faoi na forálacha laistigh den Acht um Thithíocht Inacmhainne 2021).

Má cheadaíteaer an Contae lena chur san áireamh ar Scéim Tithíochta Inacmhainne na nÚdarás Áitiúil, beidh próiseas foirmeálta eile chun iarratas a dhéanamh i bhfeidhm, agus fógrófar é de réir choinníollacha na Scéime.

The closing date has passed and submissions are no longer being accepted.