Glasbhealach Ard an Chrainn go Carn Domhnach

Oscailte22 Aib, 2024, 9:00am - 10 Bea, 2024, 4:00pm

Tugann Comhairle Chontae Dhún na nGall, le cúnamh taca ó Bhonneagar Iompair Éireann, cuireadh do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar, do dhaoine den phobal agus do pháirtithe ar spéis leo an t-ábhar páirt a ghlacadh sa chéad bheart comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil maidir le Tionscadal Ghlasbhealach Ard an Chrainn go Carn Domhnach.

 

Tá an tionscadal ag Céim 1 (Coincheap agus Féidearthacht) faoi láthair, lena n-áirítear, tionscadal Ceantair Staidéir agus na Príomhshrianta agus na Príomhdheiseanna atá laistigh de a aithint. Tá sé mar chuspóir leis an gcomhairliúchán poiblí seo faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir leis an tionscadal agus cuireadh a thabhairt don phobal aiseolas a sheoladh ar ais maidir le tionscadal Ceantair Staidéir agus na Príomhshrianta agus na Príomhdheiseanna atá laistigh de agus aon ghnéithe eile ar chóir don fhoireann tionscadail athbhreithniú a dhéanamh orthu.

 

Chun an méid sin a éascú, tionólfar dhá imeacht comhairliúchán phoiblí a chuirfear i láthair go pearsanta a bheidh ar siúl i gCarn Domhnach agus i mBun an Phobail mar a leanas:

 

Dé Céadaoin an 24 Aibréan 2024 - 14:00-20:00

Ionad Seirbhísí Pobail Charn Domhnach, Seomra Comhairle, Bóthar Mhálanna,

Carn Domhnach F93 YV1N

Dé Deardaoin an 25 Aibréan 2024 - 14:00-20:00

Halla Naomh Eoghan, Sráid Sheámais, Baile an Eallaigh, Bun an Phobail, F93 X6YR

 

Beidh baill d’fhoireann an tionscadil ar fáil chun ceisteanna nó ábhar imní maidir leis an tionscadal a phlé. Tar éis dheireadh na n-imeachtaí comhairliúchán poiblí a chuirfear i láthair go pearsanta, cuirfear taispeántais phoiblí ar fáil ar feadh tréimhse coicíse go dtí Dé hAoine 10 Bealtaine sna hionaid seo a leanas:  

  • Ionad Seirbhísí Pobail Charn Domhnach, Seomra Comhairle, Bóthar Mhálanna, Carn Domhnach F93 YV1N. Uaireanta Oscailte 09:00 – 16:00 (Luan – Aoine).
  • Halla Naomh Eoghan, Sráid Sheámais, Baile an Eallaigh, Bun an Phobail, F93 X6YR. Uaireanta Oscailte 15:00 – 19:00 (Dé Luain, Dé Céadaoin & Dé hAoine) agus 10:00 – 14:00 (Dé Sathairn 4 Bealtaine).

 

Maidir le heolas breise faoin tionscadal, nó chun foirm aiseolais a líonadh isteach ar líne, téigh chuig an láithreán gréasáin faoi leith maidir leis an tionscadal seo ag https://threetreescarndonaghgreenway.ie. Beidh eolas le fáil ar líne ó Dé Luain, an 22 Aibréan 2024 ar aghaidh. Beidh glacadh le haighneachtaí a chuirtear faoi bhráid go dtí Dé hAoine, an 10 Bealtaine 2024.

 

Sa chás nach féidir leat a theacht i láthair ag ceann de na himeachtaí ná an láithreán gréasáin a cheadú, tá gach fáilte roimh theagmháil a dhéanamh le meitheal an tionscadail ar an ríomhphost ag threetreescarndonaghgreenway@aecom.com nó trí litir a scríobh chuig Tionscadail Caipitil Glasbhealaí, Comhairle Chontae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622.

                                                   

Litir Chlúdaigh (Roghnach)