Leasuithe Ábhartha atá Molta don Dréachtphlean Leitir Ceanainn agus Plean Iompair Áitiúil 2023-2029

Dúnta11 Lún, 2023, 9:00am - 8 M.F., 2023, 4:30pm

Primary tabs

Uasdátú 15 Meán Fómhair, 2023

Tháinig deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin ar na Leasuithe Ábhartha Beartaithe ar an 8 Meán Fómhair 2023. Is é an chéad chéim eile sa phróiseas anois ná Tuairisc an Phríomhfheidhmeannaigh a ullmhú maidir leis na haighneachtaí a fuarthas. Caithfidh an Tuairisc seo a bheith curtha faoi bhráid na gComhairleoirí Tofa faoin 8 Deireadh Fómhair 2023, ar a dhéanaí. Ansin, déanfaidh na Comhairleoirí an Tuairisc a phlé ag Cruinniú Speisialta Iomlánaíoch den Chomhairle a reáchtálfar faoin 15 Samhain 2023, ar a dhéanaí, agus ag an phointe ama sin d’fhéadfadh an tÚdarás Pleanála an Plean a dhéanamh.

Leasuithe Ábhartha atá Molta don Dréachtphlean Leitir Ceanainn agus Plean Iompair Áitiúil 2023-2029

 

De bhun Alt 20(3)(e) agus (h) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) ['an tAcht'] D'fhoilsigh Comhairle Contae Dhún na nGall ar an 11 Lúnasa 2023 Athruithe Ábhartha Beartaithe ('PMA's') ar an Dréachtphlean le haghaidh comhairliúchán poiblí idir an 11 Lúnasa agus an 8 Meán Fómhair, 2023.

Chinn an Chomhairle go bhfuil Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (‘Cinneadh SEA’) ag teastáil maidir leis na PMAnna, i gcomhréir le hA.20(3)(f) den Acht. Dá bhrí sin tá Tuarascáil Timpeallachta sna doiciméid foilsithe ina bhfuil eolas ar na héifeachtaí suntasacha dóchúla ar an chomhshaol de bharr chur i bhfeidhm na PMAnna.

Tá an Tuarascáil ghaolmhar Scagthástála, An Cinneadh agus Fógra i dtaca leis an Chinneadh ar fáil le feiceáil chomh maith.

Maidir leis an Mheasúnacht Iomchuí, rinne an Chomhairle cinneadh nach raibh gá le Measúnacht Iomchuí. Cuirfear na doiciméid ábhartha ar fáil go poiblí lena scrúdú nuair a bheas an Plean déanta (glactha) ag an Údarás de réir Alt 177(7) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú).

Ullmhaíodh Tuarascáil Straitéiseach ar Mheasúnú Riosca Tuilte freisin.

Beifear in ann cóipeanna de na hAthruithe Ábhartha Beartaithe ar an Dréacht-LAP, an Tuarascáil Timpeallachta ina bhfuil faisnéis ar na héifeachtaí suntasacha dóchúla ar an timpeallacht a bhainfeadh le cur i bhfeidhm na PMAnna, agus an Measúnú Straitéiseach ar Bhaol Tuilte a iniúchadh ón Aoine 11 Lúnasa 2023 go dtí an Aoine 8 Meán Fómhair 2023 (an dá dháta san áireamh):

  • Ag oifigí na Comhairle seo a leanas, le linn gnáthuaireanta oifige, Luan go hAoine (9.00am go 12.30pm agus 1.00pm go 4.30pm):
  • Fáiltiú, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear.
  • Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn, Bóthar Neil T. Blaney, Leitir Ceanainn.
  • Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile na nGallóglach, An Phríomhshráid, Baile na nGallóglach.
  • Ionad Seirbhísí Poiblí An Chlochláin Léith, Bóthar Ghaoth Dobhair, An Clochán Liath.
  • Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnach, Bóthar Mhálanna, Carn Domhnach.
  • Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall, Droim Leathanchar, Baile Dhún na nGall.
  • Ag leabharlanna na Comhairle le linn a n-uaireanta oscailte faoi seach. 

Beifear in ann aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis na hAthruithe Ábhartha Beartaithe ar an Dréacht-LAP, an Tuarascáil Timpeallachta ina bhfuil eolas ar na héifeachtaí suntasacha dóchúla ar an timpeallacht ó chur i bhfeidhm na PMAnna, agus an Measúnú Straitéiseach Riosca Tuile a dhéanamh chuig an Údarás Pleanála idir an Aoine 11ú Lúnasa agus an Aoine 8 Meán Fómhair 2023 (an dá dháta san áireamh) trí na modhanna seo a leanas, agus cuirfear san áireamh iad sula ndéanfar aon athrú ábhartha:

  • Trí chliceáil ar an chnaipe ‘Déan Aighneacht’.
  • Trú rphost chuig: letterkennyplan@donegalcoco.ie.  Cuir ‘Plean Leitir Ceanainn – Athruithe Ábhartha Molta’ isteach i dteideal an ábhair agus cuir d’ainm iomlán agus do sheoladh isteach sa ríomhphost. 
  • I scríbhinn chuig: Láraonad Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, F93 Y622.

Déan do chuid aighneachtaí trí mheán amháin le do thoil.  Is é an dáta/am deiridh chun aighneachtaí a fháil ná Dé hAoine 8 Meán Fómhair ag 4:30pm.    

Seachas i gcúinsí eisceachtúla, foilseofar aighneachtaí i scríbhinn nó tuairimí arna n-eagrú chun críocha príobháideachta ar shuíomh Gréasáin an údaráis taobh istigh de 10 lá oibre i ndiaidh don údarás iad a fháil.

Is féidir cóipeanna de na hAthruithe Ábhartha Beartaithe a cheannach ar tháille €10.00. Is féidir cóipeanna de na doiciméid theicniúla ghaolmhara a cheannach ar tháille €10.00 an doiciméad.