Dréachtphlean Gníomhaíochta Aeráide Chomhairle Contae Dhún na nGall 2024-2029

Dúnta9 Sam, 2023, 12:00pm - 21 Nol, 2023, 4:00pm

Fógra maidir le hUllmhú Dhréachtphlean Gníomhaithe ar son na hAeráide Chomhairle Contae Dhún na nGall 2024-2029


Tugtar fógra leis seo go bhfuil - de bhun Alt 16 den Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 - Dréachtphlean Gníomhaithe Údaráis Áitiúil ar son na hAeráide 2024-2029 ullmhaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall.


Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach laistigh den tréimhse atá luaite san fhógra seo maidir le:

  • An Dréachtphlean Gníomhaithe Údaráis Áitiúil ar son na hAeráide ón Déardaoin 9 Samhain go dtí an Aoine 8 Nollaig 2023 ar 4.00pm (agus an dá dháta sin san áireamh); agus
  • Ón Déardaoin 9 Samhain go dtí an Déardaoin 21 Nollaig 2023 ar 4.00pm (an dá dháta sin san áireamh) maidir leis an Ráiteas Tionchair Natura agus Tuarascáil Chomhshaoil na Measúnachta Straitéisí Comhshaoil (MSC).

Leagann Dréachtphlean Gníomhaithe Aeráide Chomhairle Contae Dhún na nGall amach an dóigh a mbeidh an t-údarás áitiúil ag cur chun cinn réimse beartais mhaolaithe agus oiriúnaithe agus réimse beartais eile um ghníomhú aeráide, chun cuidiú leis na dualgais náisiúnta aeráide agus Cuspóir Aeráide foriomlán náisiúnta an Rialtais a chur i bhfeidhm, dualgais agus cuspóir a fhéachann le dul i dtreo geilleagar atá athléimneach ó thaobh aeráide de, ina mbeidh bithéagsúlacht shaibhir, ina mbeidh an comhshaol inbhuanaithe agus a bheas neodrach ó thaobh na haeráide de, agus sin a bhaint amach faoi dheireadh na bliana 2050, ar a dhéanaí.


Gabhann Tuarascáil Chomhshaoil le Dréachtphlean Gníomhaithe Aeráide 2024-2029, a ullmhaíodh i gcomhréir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Chomhshaoil ar Phleananna agus Chláracha Áirithe) 2004 (I.R.435 de 2004 arna leasú ag I.R. 200 de 2011) le haghaidh Measúnacht Straitéiseach Chomhshaoil (MSC) agus Measúnacht Iomchuí (MI) Ráiteas Tionchair Natura, de bhun Alt 6 den Treoir Ghnáthóg 92/43/EEC.


Fáilteofar leis seo roimh aighneachtaí nó tuairimí maidir le Dréachtphlean Gníomhaithe Aeráide Chomhairle Contae Dhún na nGall 2024-2029 agus maidir leis na tuarascálacha comhshaoil (Tuarascáil Chomhshaoil MSC agus Ráiteas Tionchair Natura), i scríbhinn, ó eagraíochtaí reachtúla, ón phobal agus ó aon pháirtí leasmhar. Déanfar machnamh ar gach aighneacht agus ar gach tuairim scríofa agus cuirfear san áireamh iad sula nglacfar le haon phlean deiridh.


Is féidir cóipeanna de Dhréachtphlean Gníomhaithe Aeráide an Údaráis Áitiúil 2024-2029, Tuarascáil Chomhshaoil na Measúnachta Straitéisí Comhshaoil agus an Ráiteas Tionchair Natura a scrúdú ag na hionaid seo a leanas:

 

  • Ar líne ag https://consult.Donegal.ie/
  • Oifigí agus Ionaid Seirbhísí Phoiblí Chomhairle Contae Dhún na nGall: Luan go hAoine 9.00am go dtí 4.30pm
  • Teach an Chontae, An Chearnóg, Leifear, Co Dhún na nGall, F93 Y622
  • Droim Lonachair, Baile Dhún na nGall, Co. Dhún na nGall, F94 DK6C
  • Bóthar Ghaoth Dobhair, An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall, F94 H4CF
  • Bóthar Mhálanna, Carn Domhnach, Co. Dhún na nGall, F93 YV1N
  • Bóthar Neil T. Bléine, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 TNY3
  • An Phríomhshráid, Baile na nGallóglach, Co. Dhún na nGall, F92 TD0P

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar an dóigh seo a leanas:

  1. Ar líne trí https://consult.Donegal.ie/
  2. Trí ríomhphost chuig climatereadydonegal@donegalcoco.ie
  3. I scríbhinn chuig: An Fhoireann Ghníomhaithe ar son na hAeráide, Comhairle Contae Dhún na nGall, Seanbheairic an Airm, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 W586.
  • Déan d’aighneacht ar aon dóigh amháin thuas i.e. ar líne, nó ríomhphost, nó post.
  • Ba chóir d’ainm agus do sheoladh teagmhála a chur ar gach aighneacht, mar aon le, nuair is cuí, mionsonraí aon eagraíochta, aon ghrúpa pobail nó aon chomhlachta etc a bhfuil tú ionadaíoch orthu. Chun cuidiú linn cloí le Cosaint Sonraí agus RGCS, cuir an t-eolas seo ar leathanach atá scartha ó ábhar d’aighneachta/do thuairimí.
  • Ba chóir aon aighneacht nó aon chuid d’aighneacht a bhaineann leis na Tuarascálacha Comhshaoil (Tuarascáil Chomhshaoil na Measúnachta Straitéisí Comhshaoil agus/nó An Ráiteas Tionchair Natura) a mharcáil go soiléir mar sin.
  • Maidir le haighneacht nó tuairim a chur isteach, tabhair an méid seo a leanas faoi deara: tá sé de cheart ag, agus spreagtar, páistí nó grúpaí nó cumainn atá ag déanamh ionadaíochta ar leasa páistí, aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach faoin Dréachtphlean Gníomhaithe Aeráide.
  • Ba chóir duit a chinntiú nach bhfuil aon eolas cráiteach, clúmhillteach nó rúnda, ar a n-áirítear eolas rúnda maidir le tríú páirtí (mura bhfuil cead tugtha go díreach nó go hindíreach sna cúinsí inar toilíodh dá nochtadh) curtha i d’aighneacht. Coinníonn Comhairle Contae Dhún na nGall an ceart aige féin aon aighneacht nó aon chuid d’aighneacht a choinneáil faoi cheilt mura gcloíonn sé leis an riachtanas seo.
  • Tá an phróiseáil seo ar do shonraí pearsanta ina phróiseáil dhleathach faoi Alt 6 (1) (e) de na rialacháin RGCS. Tá Polasaí Cosanta Sonraí na Comhairle ar fáil ar shuíomh idirlín na Comhairle.
  • Tá Comhairle Contae Dhún na nGall faoi réir ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF) (arna leasú).
  • An t-eolas pearsanta (sonraí) a bhailítear le linn an phróisis chomhairliúcháin (a bhféadfadh sonraí pearsanta leochaileacha a bheith mar chuid de) bailítear é ar mhaithe le bheith ag glacadh le haighneachtaí agus a bheith ag plé leo, agus aon sonraí a bhailítear tá sé faoi réir ag ráiteas príobháideachais Chomhairle Contae Dhún na nGall a thig a fháil ag: Data Protection Privacy Statement010618 (donegalcoco.ie)