Plépháipéar Phlean Gníomhaíochta Aeráide Chomhairle Contae Dhún na nGall

Dúnta10 Iúil, 2023, 12:00pm - 18 Lún, 2023, 12:00pm

Primary tabs

1.0 Réamhrá

Tríd an Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021, tá Éire ar a bealach anois, agus ceangal dlí uirthi, i dtreo glanastaíochtaí nialasacha (net zero emissions) faoin bhliain 2050 ar a dhéanaí, agus i dtreo laghdú 50% ar astaíochtaí faoi dheireadh na bhfichidí seo ina bhfuil muid.

Beidh sé dúshlánach na spriocanna seo a bhaint amach agus beidh gá le hathruithe móra i gcuid mhaith dár nósanna saoil in Éirinn. Agus muid ag dul i ngleic leis an dúshlán seo, beidh muid in ann feabhas a chur ar shláinte, ar fholláine agus ar shábháilteacht an phobail uilig s’againn, agus san am céanna ár dtimpeallacht a chosaint agus deiseanna úra a sholáthar ó thaobh fostaíochta agus iomaíochta de.

De réir mar is gá faoi Acht 2021, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag ullmhú ár gcéad Phlean Gníomhaíochta Aeráide um Údarás Áitiúil (PGA – ÚA), plean a gcaithfidh na Comhairleoirí Tofa glacadh leis roimh an 23 Feabhra 2024.

 

1.1 Pleananna Gníomhaíochta Aeráide na nÚdarás Áitiúil

Beidh ról fíorthábhachtach ag na hÚdaráis Áitiúla i dtaca le maolú aeráide agus oiriúnú aeráide a chur i bhfeidhm. Tá sé seo léirithe i bhforálacha an Achta um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021, a cheanglaíonn ar gach Údarás Áitiúil PGA-ÚA a ullmhú, ag leagan amach na mbeartas maolaithe agus oiriúnaithe atá le glacadh ag an Údarás Áitiúil.

Is iad na hÚdaráis Áitiúla na príomhghníomhaithe chun beartas aeráide a chur chun cinn ag an leibhéal áitiúil, agus is é an aidhm atá ag ár PGA-ÚA an comhréiteach idir beartas náisiúnta aeráide agus cúinsí áitiúla a neartú, le béim agus práinn á dtabhairt do bheartais fianaise-bhunaithe, chun cuidiú le cur i bhfeidhm an chuspóra neodrachta aeráide do Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Úsáidfidh Comhairle Contae Dhún na nGall a PGA-ÚA agus muid ag pleanáil conas a laghdóidh muid astaíochtaí gás ceaptha teasa (greenhouse gas emissions) ónár gcuid áiseanna agus bonneagair féin, chomh maith le ról níos leithne a bheith againn ó thaobh tionchar a imirt agus éascaíocht agus comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí aeráide i measc pobal agus páirtithe leasmhara eile, agus an méid a dhéanfaidh sé leis an ghníomhú aeráide a chur chun cinn i nDún na nGall

Lena chinntiú go bhfuil an PGA-ÚA s’againne bunaithe ar thuiscint láidir faoi ról agus faoi shainchúraimí Chomhairle Contae Dhún na nGall, tá an Plean á fhorbairt tríd an chreatlach seo a leanas.

  • Freagracht iomlán: Gníomhaíochtaí fá choinne réimsí ar a bhfuil freagracht iomlán ag Comhairle Contae Dhún na nGall maidir le gníomhú aeráide laistigh dá cuid oibríochtaí féin.
  • Tionchar: Gníomhaíochtaí trínár féidir le Comhairle Contae Dhún na nGall tionchar a imirt ar ghnólachtaí, ar phobail agus ar dhaoine aonaracha ó thaobh gníomhú aeráide a dhéanamh a chur i bhfeidhm go háitiúil, tríd na feidhmeanna agus na seirbhísí atá againn.
  • Comhordú: Gníomhaíochtaí trína dtig le Comhairle Contae Dhún na nGall comhordú agus éascaíocht a dhéanamh ar ghníomhú áitiúil agus pobail, ag tabhairt páirtithe leasmhara le chéile i gcomhpháirtíochtaí chun tionscadail um ghníomhú aeráide a bhaint amach.
  • Abhcóideacht (advocacy): Gníomhaíochtaí a bhaineann le ról Chomhairle Contae Dhún na nGall mar eagraíocht abhcóideachta ar son gníomhú aeráide trí fheasacht a ardú, cumarsáid a dhéanamh, ag soláthar eolais, agus ag glacadh páirt i bplé oscailte faoin ábhar.

Cé go mbeidh an Plean Gníomhaíochta Aeráide ardaidhmeannach, rud a bheas ag teacht le ról ceannaireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall i dtaca leis an ghníomhú aeráide, ní bheidh aon ghníomhaíocht sa Phlean a thiteann taobh amuigh dár ról, dár sainchúraimí ná dár rialachas (governance).

 

1.2 An Plean (PGA-ÚA) a Fhorbairt

Beidh roinnt céimeanna i gceist le forbairt an Phlean Gníomhaíochta Aeráide, mar a mhínítear sa ghrafaic thíos.

Céim 1 An Bonn Fianaise a Fhorbairt
(Deireadh Fómhair 2022 go Meitheamh 2023)

Fardal Bonnlíne Astaíochtaí (baseline inventory) Measúnacht i dtaca le hAthrú Rioscaí Aeráide Pleanáil maidir le Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara Léarscáiliú Polasaí

Céim 2 Déanamh an Phlean
(Meitheamh 2023 go Meán Fómhair 2023)

Teagmháil agus plé roimh an dréacht An fhís, na cuspóirí, na gníomhaíochtaí agus na príomhtháscairí feidhmíochta a fhorbairt. Tuarascálacha SEA/AA Comhairliúchán Poiblí ar an Dréachtphlean (PGA-ÚA) (Deireadh Fómhair go Nollaig 2023)

Céim 3 Glacadh leis an Phlean Gníomhaíochta Aeráide
(Feabhra 2024)

Machnamh agus plé ar na haighneachtaí Críoch a chur leis an Phlean (PGA-ÚA) Na Comhairleoirí Tofa ag glacadh leis an Phlean (PGA-ÚA) (Feabhra 2024)

2.0 Ár Ráiteas Físe agus Misin

Le tamall maith anuas, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag déanamh gníomhaíochtaí áirithe, trasna ár bhfeidhmeanna agus seirbhísí uilig, chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus tá muid in áit mhaith le ceannaireacht láidir a thabhairt i dtaca le gníomhú aeráide agus le contae ísealcharbóin, atá athléimneach ó thaobh aeráide de, saibhir sa bhithéagsúlacht agus inbhuanaithe ó thaobh comhshaoil de, a chruthú.

Tá sé tábhachtach go bhfuil Fís comhaontaithe ag an Phlean s’againn, a léiríonn dearcadh inmhianaithe agus comhroinnte maidir le todhchaí atá athléimneach (resilient) agus neodrach ó thaobh aeráide de.

Is í an Fhís Tháscach atá againn:

Go mbeidh Dún na nGall ina chontae atá athléimneach ó thaobh aeráide de, saibhir sa bhithéagsúlacht, carbón-neodrach, agus ina chontae a bhfuil comhshaol inbhuanaithe ann, faoi dheireadh na bliana 2050 ar a dhéanaí.

 

Aithníonn an Fhís don Phlean s’againn an pháirt lárnach atá ag Comhairle Contae Dhún na nGall leis an pholasaí náisiúnta a chur i bhfeidhm ag leibhéal an phobail, ach go dtuigtear fosta nach mbeidh na gníomhaíochtaí aeráide ná an tionchar aeráide mar an gcéanna do gach earnáil. Ar an ábhar sin, tá roinnt príomhspriocanna straitéiseacha ann chun tacú leis an Fhís:

  1. An sprioc don bhliain 2030, maidir le laghdú astaíochtaí carbóin, a bhaint amach; dul chun cinn i dtreo sprioc 2050 i dtaca le neodracht charbóin agus laghdú tionchair aeráide.
  2. ‘Aistriú cóir’ (just transition) a éascú lena chinntiú nach mbeidh aon líon tí, aon phobal ná aon ghnólacht fágtha faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar bheartais dhícharbónaithe, ag réiteach an bhealaigh fá choinne fás inbhuanaithe eacnamaíochta.
  3. Comhbhuntáistí dícharbónaithe a chothú trasna príomh-earnálacha sa chontae, ag cinntiú go mbeifear ag comhréiteach leis an chlár oibre don fhorbairt inbhuanaithe.
  4. Ag soláthar tacaíochtaí do phobail agus d’eagraíochtaí, agus an comhoibriú a chothú; a bheith ar thús cadhnaíochta san aistriú i dtreo geilleagar ionchuimsitheach glan-nialasach (net zero).

Cuireann ár Ráiteas Táscach Físe in iúl cén treo ar mhaith linn an Contae a thabhairt, agus tá fócas gníomh-bhunaithe i gceist lenár Ráiteas Misin, ag cur in iúl cad iad na cuspóirí praiticiúla atá ag Comhairle Contae Dhún na nGall maidir le gníomhú éifeachtach aeráide a phríomhshruthú (mainstreaming) agus a chur i bhfeidhm trasna na seirbhísí agus feidhmeanna uilig atá againn

Is é an Ráiteas Misin táscach atá againn:

Athrú claochlaitheach agus gníomhú aeráide intomhaiste ar fud Chomhairle Contae Dhún na nGall laistigh dár n-eagraíocht féin agus dár seirbhísí féin, trí cheannaireacht agus eiseamláir, agus trí ghníomhú, a spreagadh ag an leibhéal áitiúil.

 

Tá muid ag lorg ionchur s’agatsa dár Ráitis Fhíse agus Mhisin chun cuidiú linn cruth a chur ar na Spriocanna agus na Cuspóirí inár bPlean Gníomhaíochta Aeráide.

 

  1. An aontaíonn tú lenár Ráiteas Físe agus an bhfuil aon fheabhsúchán nó moladh eile le déanamh agat?
  2. An aontaíonn tú lenár Ráiteas Misin agus an bhfuil aon fheabhsúchán nó moladh eile le déanamh agat?

 

Tabhair do Bharúil féin!

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag lorg ionchuir ó dhaoine chuig dréachtú an phlean um ghníomhú aeráide s’againn, (an PGA-ÚA), chun cuidiú linn cruth a chur ar ghníomhaíochtaí cuí a éascóidh agus a chumasóidh an gníomhú aeráide ag an leibhéal áitiúil agus pobail.

 

Is féidir aighneacht a dhéanamh ar líne nó trí rphost. Is gá gach aighneacht a fháil roimh 12pm ar an 18 Lúnasa 2023. Tá fáilte roimh gach duine aighneacht a dhéanamh (ina measc grúpaí óige, páistí agus iad siúd atá ionadaíoch ar pháistí).

  • Le haighneacht a dhéanamh ar líne, gabh chuig tairseach chomhairliúcháin na Comhairle ar consult.donegal.ie; nó
  • Trí rphost chuig climateready@donegalcoco.ie (cuir ‘Pre-draft Consultation - Comhairliúchán Réamh-Dhréachtach’ in líne ábhair an rphoist)

 

Chun cuidiú le saincheisteanna agus deiseanna a aithint do Chomhairle Contae Dhún na nGall, tugann na codanna seo a leanas léargas ar ár bpróifíl rioscaí ó thaobh astaíochtaí agus aeráide de, chomh maith le roinnt príomhthéamaí agus ceisteanna. Bheadh sé ina chuidiú dá ndíreodh na haighneachtaí ar cheann amháin, nó níos mó, de na príomhthéamaí seo, ach beidh fáilte roimh mholtaí agus bharúlacha níos ginearálta fosta.

Tá ceistneoir curtha le chéile chomh maith le do bharúlacha agus smaointe a bhailiú i dtaca le gníomhaíochtaí ba chóir a bheith sa Phlean.

Is féidir go bhfoilseofar ábhar na haighneachta mar chuid den phróiseas chun plean a dhéanamh. Cloífidh Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcónaí, le rialacha GDPR.

 

Téamaí

Athrú Aeráide
Glac síntiús