Glasbhealach An Carraigín go Leifear

Oscailte29 Aib, 2024, 9:00am - 17 Bea, 2024, 4:00pm

Glasbhealach An Carraigín go Leifear

Comhairliúchán Poiblí 1

 

Tugann Comhairle Chontae Dhún na nGall, le cúnamh taca ó Bhonneagar Iompair Éireann, cuireadh do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar, do dhaoine den phobal agus do pháirtithe ar spéis leo an t-ábhar páirt a ghlacadh sa chéad bheart comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil maidir le Tionscadal Ghlasbhealach An Carraigín go Leifear.

Tá an tionscadal ag Céim 1 (Coincheap agus Féidearthacht) faoi láthair, lena n-áirítear, tionscadal Ceantair Staidéir agus na Príomhshrianta agus na Príomhdheiseanna atá laistigh de a aithint. Tá sé mar chuspóir leis an gcomhairliúchán poiblí seo faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir leis an tionscadal agus cuireadh a thabhairt don phobal aiseolas a sheoladh ar ais maidir le tionscadal Ceantair Staidéir agus na Príomhshrianta agus na Príomhdheiseanna atá laistigh de agus aon ghnéithe eile ar chóir don fhoireann tionscadail athbhreithniú a dhéanamh orthu.

Chun an méid sin a éascú, tionólfar dhá imeacht comhairliúchán phoiblí a chuirfear i láthair go pearsanta a bheidh ar siúl i mBaile Suingean agus i Leifear mar a leanas:

  • Dé Céadaoin 1 Bealtaine 2024: 14:00 - 20:00
    Ionad Acmhainní Teaghlaigh Baile Suingean agus An Carraigín, Bóthar an tSéipéil, Baile Suingean, F93 VHK7

 

  • Déardaoin 2 Bealtaine 2024: 14:00 - 20:00
    Seanteach Cúirte, An Diamant, Leifear, F93 CD6F.

Tar éis dheireadh na n-imeachtaí comhairliúchán poiblí a chuirfear i láthair go pearsanta, cuirfear taispeántais phoiblí ar fáil ar feadh tréimhse coicíse go dtí Déardaoin an 16 Bealtaine sna hionaid seo a leanas:

  • Comhairle Chontae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622
    Uaireanta Oscailte 09:00 - 16:30 (Luan – Aoine).

Maidir le heolas breise faoin tionscadal, nó chun foirm aiseolais a líonadh isteach ar líne, téigh chuig an láithreán gréasáin faoi leith maidir leis an tionscadal seo ag carrigansliffordgreenway.ie. Beidh eolas le fáil ar líne ó Dé Luain, an 29 Aibréan 2024 ar aghaidh. Beidh glacadh le haighneachtaí a chuirtear faoi bhráid go dtí Dé hAoine, an 17 Bealtaine 2024.

Sa chás nach féidir leat a theacht i láthair ag ceann de na himeachtaí ná an láithreán gréasáin a cheadú, tá gach fáilte roimh theagmháil a dhéanamh le meitheal an tionscadail ar an ríomhphost ag carrigansliffordgreenway@aecom.com  nó trí litir a scríobh chuig Tionscadail Caipitil Glasbhealaí, Comhairle Chontae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622.                                                     

                 

                                           

Litir Chlúdaigh (Roghnach)