An Glasbhealach ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua

Dúnta10 Aib, 2024, 9:00am - 28 Aib, 2024, 4:30pm

An Chéad Chomhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, le tacaíocht ó Bhonneagar Iompair Éireann, ag iarraidh ar chónaitheoirí an limistéir, ar dhaoine den phobal agus ar gach páirtí leasmhar eile páirt a ghlacadh sa chéad chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar Thionscadal an Ghlasbhealaigh ó Cheann an Droichid go Bun Cranncha agus an Baile Nua.

Tá an tionscadal ag Céim 1 (Coincheap & Indéantacht) faoi láthair, lena n-áirítear Limistéar Staidéir an tionscadail agus na príomh-Shrianta agus na príomh-Dheiseanna atá lonnaithe ann a shainaithint. Is é cuspóir an chomhairliúcháin phoiblí seo eolas a thabhairt don phobal faoin tionscadal agus aiseolas a lorg ar Limistéar Staidéir an tionscadail, ar na Srianta agus na Deiseanna atá lonnaithe laistigh de, agus ar aon ghnéithe eile ar cheart don Fhoireann Deartha breithniú a dhéanamh orthu.

Chun an méid sin a éascú, cuirfear dhá imeacht comhairliúcháin phoiblí i bpearsa ar siúl i mBun na hAbhann agus i mBun Cranncha mar a leanas:

 

Ionad Óige agus Pobail Ailigh, Bun na hAbhann:
Dé Céadaoin, an 10 Aibreán 2024, ó 2pm go 8pm

Óstán Gateway Inis Eoghain, Bóthar an Iarnróid, Bun Cranncha:
Déardaoin, an 11 Aibreán 2024, ó 2pm go 8pm

 

Beidh baill den fhoireann tionscadail ar fáil chun plé a dhéanamh ar aon cheist nó ábhar imní a bhaineann leis an tionscadal.

Tar éis na n-imeachtaí comhairliúcháin i bpearsa atá leagtha amach thuas, cuirfear taispeántais phoiblí ar fáil ar feadh tréimhse dhá sheachtain go dtí an Aoine, an 26 Aibreán, ag na láithreacha seo a leanas:

 

Ionad Óige agus Pobail Ailigh:
An Luan go dtí an Aoine – 18.30pm – 22.00pm

Leabharlann Bhun Cranncha, Bóthar Mhuire, Bun Cranncha:
An Mháirt, an Déardaoin agus an Aoine: 09:30 – 17.30; An Chéadaoin: 12:30 – 20:00; An Satharn: 10:00 – 14:30

 

Chun faisnéis bhreise a fháil faoin tionscadal, nó chun an fhoirm aiseolais a chomhlánú ar líne, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin tiomnaithe an tionscadail ag https://bridgendbuncranagreenway.ie. Beidh faisnéis ar fáil ar líne ón Chéadaoin an 10 Aibreán 2024. Glacfar le haighneachtaí go dtí an Aoine an 26 Aibreán 2024.

Más rud é nach mbeidh tú in ann freastal ar aon cheann dár n-imeachtaí i bpearsa agus nach mbeidh tú ábalta an suíomh Gréasáin a rochtain, déan teagmháil leis an fhoireann tionscadail tríd an ríomhphost chuig info@bridgendbuncranagreenway.ie nó tríd an phost chuig: Tionscadail Chaipitil Glasbhealaí, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622.

Litir Chlúdaigh (Roghnach)