Céim 1: Ullmhú Réamhdhréachta
Tá 4 bheart sa chéim seo:
- Comhairliúchán Poiblí Réamhdhréachta.
- Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar an chomhairliúchán phoiblí a ullmhú.
- Treoracha straitéiseacha ó na Comhaltaí Tofa maidir le hullmhú an phlean a eisiúint.
- Dréachtphlean agus an Tuarascáil Straitéiseach Comhshaoil agus an Tuarascáil Tionchair Nádúir a bhaineann leo a ullmhú agus a cheadú.
Tháinig deireadh leis an chomhairliúchán poiblí réamhdhréachtach i dtaca leis an phlean forbartha úr ar an 3 Meitheamh 2022. Ba mhaith leis an Chomhairle buíochas a ghabháil le gach duine a tháinig chuig na hócáidí buail isteach, a rinne aighneachtaí, nó a líon isteach an suirbhé.
Is féidir leat na haighneachtaí a fuarthas le linn an chomhairliúcháin phoiblí réamhdhréachtaigh anseo.
Tá Tuairisc Phríomhfheidhmeannaigh á hullmhú anois bunaithe ar na haighneachtaí a fuarthas agus déanfaidh na Comhairleoirí a machnamh ar an tuairisc sin sula nglacfar leis an dréachtphlean forbartha.
Le linn an chomhairliúcháin phoiblí réamhdhréachtaigh, foilsíodh páipéar Saincheisteanna agus Roghanna. Féach thíos.