Déan Aighneacht

Dúnta8 Aib, 2022, 9:00am - 3 Mei, 2022, 11:59pm

Primary tabs

Comhairliúchán Poiblí Réamhdhréachtaithe Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall
2024-2030
 

Tá tábhacht le do thuairim agus is féidir leat cuidiú leis an phlean forbartha nua a mhúnlú. Fáiltíonn an Chomhairle roimh aighneachtaí ó achan chuid den tsochaí.

Tháinig deireadh leis an chomhairliúchán poiblí réamhdhréachtach i dtaca leis an phlean forbartha úr ar an 3 Meitheamh 2022. Ba mhaith leis an Chomhairle buíochas a ghabháil le gach duine a tháinig chuig na hócáidí buail isteach, a rinne aighneachtaí, nó a líon isteach an suirbhé ar líne. 

Is féidir leat na haighneachtaí a fuarthas le linn an chomhairliúcháin phoiblí réamhdhréachtaigh anseo.

Tá Tuairisc Phríomhfheidhmeannaigh á hullmhú anois bunaithe ar na haighneachtaí a fuarthas agus déanfaidh na Comhairleoirí a machnamh ar an tuairisc sin sula nglacfar leis an dréachtphlean forbartha.

Reáchtálfaidh an Comhairle comhairliúchán poiblí eile nuair a fhoilseofar an dréachtphlean agus nuair a fhoilseofar aon athrú ar an dréachtphlean, agus beidh deis ag an phobal tuilleadh aighneachtaí a dhéanamh.  

 

Téamaí

Forbairt Gheilleagrach
Athghiniúint Uirbeach
Iompar
Athrú Aeráide
Turasóireacht
Bun Cranncha
Bun Dobhráin
Bealach Féich/Srath an Urláir agus Tionscadal Straitéiseach na mBóithre TEN-T PRIPD
General
Core Strategy
Renewable Energy
Natural Heritage
Built Heritage
Telecoms
Flooding
Rural Housing
Urban Housing
Water and Wastewater Infrastructure
Community
Marine
Islands
Extractive Industry and Geology
Culture
Gaeltacht
Glac síntiús