Céim 1: Ullmhú Réamhdhréachta

Céim 1: Ullmhú Réamhdhréachta

Tá 4 bheart sa chéim seo:

  • Comhairliúchán Poiblí Réamhdhréachta.
  • Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar an chomhairliúchán phoiblí a ullmhú.
  • Treoracha straitéiseacha ó na Comhaltaí Tofa maidir le hullmhú an phlean a eisiúint.
  • Dréachtphlean agus an Tuarascáil Straitéiseach Comhshaoil agus an Tuarascáil Tionchair Nádúir a bhaineann leo a ullmhú agus a cheadú.

Tháinig deireadh leis an chomhairliúchán poiblí réamhdhréachtach i dtaca leis an phlean forbartha úr ar an 3 Meitheamh 2022. Ba mhaith leis an Chomhairle buíochas a ghabháil le gach duine a tháinig chuig na hócáidí buail isteach, a rinne aighneachtaí, nó a líon isteach an suirbhé.

Is féidir leat na haighneachtaí a fuarthas le linn an chomhairliúcháin phoiblí réamhdhréachtaigh anseo.

Tá Tuairisc Phríomhfheidhmeannaigh á hullmhú anois bunaithe ar na haighneachtaí a fuarthas agus déanfaidh na Comhairleoirí a machnamh ar an tuairisc sin sula nglacfar leis an dréachtphlean forbartha.

Le linn an chomhairliúcháin phoiblí réamhdhréachtaigh, foilsíodh páipéar Saincheisteanna agus Roghanna. Féach thíos.

Ceisteanna agus roghanna as gaeilge