Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Dhún na nGall 2025–2030 - Ceistneoir comhairliúcháin ar an Phlean Reámhdhréachta

Oscailte4 Sam, 2024, 09:00 - 23 Nol, 2024, 12:00

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag ullmhú a chéad Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Contae, le tacaíocht ón Chomhairle Oidhreachta, agus ba mhaith linn do thuairimí a chloisteáil. Tá do chuidiú á lorg againn chun na saincheisteanna atá roimh an bhithéagsúlacht i gContae Dhún na nGall a mheas agus scagadh a dhéanamh ar na tosaíochtaí agus ar na réimsí gníomhaíochta féideartha a d’fhéadfadh cur le Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta úr Dhún na nGall.

Tá sé tábhachtach go mbeidh muid ábalta do chuid smaointe a chloisteáil faoin dóigh ar féidir linn cuidiú le dul i ngleic le caillteanas bithéagsúlachta ar leibhéal áitiúil. Seo do dheis aird a tharraingt ar na príomh-shaincheisteanna a théann i bhfeidhm ar bhithéagsúlacht i do cheantar áitiúil agus cuidiú linn a aithint cad is féidir a dhéanamh chun dul i ngleic le caillteanas bithéagsúlachta thar thréimhse Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Dhún na nGall 2025 – 2030.

Is ionann an suirbhé seo a chomhlánú agus aighneacht oifigiúil ag an staid réamhdhréachta seo den phróiseas. Beidh próiseas rannpháirtíochta poiblí eile ar siúl nuair a bheidh Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta ullmhaithe.

  1. Tosaigh (current step)
  2. Cuid 1 (not completed)
  3. Cuid 2 (not completed)
  4. Cuid 3 (not completed)
  5. Cuid 4 (not completed)
  6. Comhlánaigh (not completed)