Tá CFPA Dhún na nGall ag tabhairt cuireadh do Ghrúpaí Pobail agus Deonacha ar fud an Chontae ceistneoir gairid a chomhlánú, faoi na tacaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uathu chun iarratais ar mhaoiniú a chomhlánú agus a chur isteach, roimh Dé hAoine, 21 Meitheamh 2024.
Tuigeann CFPA Dhún na nGall na deacrachtaí a bhíonn ag Grúpaí Pobail/Deonacha iarratais ardchaighdeáin a chomhlánú agus a chur isteach agus iad ag lorg an mhaoinithe atá riachtanach chun tionscadail agus tionscnaimh a sheachadadh laistigh dá bpobail chun na háiteanna ina bhfuil cónaí orainn i nDún na nGall a fheabhsú.
Tá an ceistneoir seo á eisiúint chun cabhrú le bealaí a aithint inar féidir cúnamh agus tacaíocht a sholáthar do Ghrúpaí Pobail agus Deonacha chun iad a threorú agus tacú leo trí na próisis iarratais éagsúla