AN TACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000 – ALT 179
NA RIALACHÁIN UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2001 – AIRTEAGAL 81
FÓGRA DE BHUN AIRTEAGAL 81, CUID 8 DE NA RIALACHÁIN THUAS, (“na Rialacháin”), A BHAINEANN LE FORBAIRT ATÁ BEARTAITHE AG COMHAIRLE CONTAE DHÚN NA NGALL
Teideal an Togra: Forbairt ar Thithíocht Shóisialta i Machaire Gathlán/Ard na gCeapairí, Doire Beag, Dún na nGall
TUGTAR FÓGRA leis seo go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall (“an Chomhairle”) leis an fhorbairt bheartaithe a dhéanamh mar atá sonraithe in alt (b) thíos agus a bhaineann le:-
(a) Láthair na forbartha atá suite ar thalamh i Machaire Gathlán/Ard na gCeapairí, Doire Beag, Dún na nGall.
(b) Cur síos agus méid na forbartha atá beartaithe: -
Forbairt a dhéanamh ar 19 aonad tithíochta sóisialta, ina mbeidh oibreacha forbartha an láithreáin go léir san áireamh. Beidh dhá chéim ann - déanfar Céim 1 a fhorbairt ar dtús agus Céim 2 a fhorbairt amach anseo nuair a chuirfear infreastruchtúr fuíolluisce isteach.
I gCéim 1 den fhorbairt bheartaithe, go dtógfar 12 aonad ina mbeidh 2 árasán le seomra leapa amháin, 2 árasán le dhá sheomra leapa, 4 theach le dhá sheomra leapa, 3 theach le trí sheomra leapa agus teach amháin le ceithre sheomra leapa agus go mbeidh córas i gcomhair cóireáil fuíolluisce ar an láithreán (WWTS) fosta.
I gCéim 2 (forbairt amach anseo), go dtógfar 07 n-aonad sa bhreis ina mbeidh 4 árasán le 2 sheomra leapa agus 3 theach le dhá sheomra leapa. Tá an chéim seo ag brath ar cheangal le córas séarachais poiblí agus ar dhíchoimisiúnú a dhéanamh ar an chóireáil fuíolluisce ar an láithreán (WWTS) agus go dtógfar ar shiúl í.
Beidh oibreacha coimhdeacha forbartha an láithreáin ag tarlú sna bailte fearainn Machaire Gathlán/Ard na gCeapairí.
(c) Is fothairseach í an fhorbairt bheartaithe le haghaidh measúnacht tionchair timpeallachta (“MTT”) mar atá leagtha amach in Airteagal 92 de na Rialacháin agus measann an Chomhairle, bunaithe ar réamhscrúdú a rinneadh ar nádúr, ar láthair agus ar mhéid na forbartha atá beartaithe de réir Airteagal 120 (1)(b)(i), gur beag an éifeacht a bheadh ag an fhorbairt bheartaithe ar an timpeallacht agus nach gá measúnacht tionchair timpeallachta (“MTT”) a dhéanamh. Beidh fáil ar chóip den Réamhscrúdú féin agus den chonclúid agus is féidir mionscrúdú a dhéanamh orthu nó iad a cheannach mar aon leis na cáipéisí a bhfuil tagairt déanta dóibh in alt (e) thíos.
Mar sin féin, má mheasann aon duine go mbeadh éifeacht ag an fhorbairt atá beartaithe ag an Chomhairle, ar an timpeallacht, is féidir leis nó léi ag aon am taobh istigh de thréimhse 4 seachtaine ó dháta foilsithe an fhógra seo, iarratas a dhéanamh faoi Airteagal 120(3)(b) de na Rialacháin, chuig An Bord Pleanála (64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902) ar dheimhniú a bhaineann le scagadh a dhéanamh, a thabharfadh le fios cé acu a bheadh nó nach mbeadh a leithéid d’éifeacht amhlaidh.
(d) Rinne an Chomhairle scagadh den chineál céanna de réir Airteagal 250(1) de na Rialacháin chun a chinntiú nach gá measúnacht chuí (“AA”) a dhéanamh ar an fhorbairt bheartaithe agus dheimhnigh siad i bhfianaise na heolaíochta nach mbeadh éifeacht mhór ag an fhorbairt seo ar bhun aonair nó i gcomhar le pleananna nó le tograí eile, ar láithreán Eorpach i bhfianaise aidhmeanna caomhnaithe an láithreáin agus nach gá measúnacht chuí (“AA”) a dhéanamh. Beidh fáil ar chóip den deimhniú seo, ina bhfuil na príomhchúiseanna agus ceisteanna ar a raibh an deimhniú féin bunaithe, agus is féidir mionscrúdú a dhéanamh air nó é a cheannach mar aon leis na cáipéisí a bhfuil tagairt déanta dóibh in alt (e) thíos.
Mar sin féin, má mheasann aon duine go mbeadh éifeacht ag an fhorbairt atá beartaithe ag an Chomhairle, ar Láithreán Eorpach, is féidir leis nó léi iarratas a dhéanamh faoi Airteagal 250(3)(b) de na Rialacháin, chuig An Bord Pleanála (64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902) ar dheimhiú a thabharfadh le fios cé acu a bheadh nó nach mbeadh a leithéid d’éifeacht amhlaidh agus cuirfidh an Bord deimhniú ar fáil a luaithe is féidir. I gcás aon iarratas a dhéanfar, ní mór go gcuirfear síos ar na cúiseanna a mheastar go mbeadh éifeacht ag an fhorbairt bheartaithe ar Láithreán Eorpach.
(e) Is féidir mionscrúdú a dhéanamh ar na pleananna agus ar na mionsonraí a bhaineann leis an fhorbairt bheartaithe ar líne ag https://consult.donegal.ie/ nó in oifigí na Comhairle mar atá leagtha amach thíos. Is féidir iad a cheannach (ar tháille réasúnta a bheadh le cóip a dhéanamh) ag:
Láthair
Seoladh
Teil/ríomhphost
Uaireanta Oscailte
Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith
Bóthar Ghaoth Dobhair, An Clochán Liath, Co. Donegal, F94 H4CF
9:00rn – 12.30in & 1.00in – 4.30in
Luan go hAoine
(ní chuirtear lá saoire bainc ná deireadh seachtaine san áireamh)
Is féidir mionscrúdú a dhéanamh ar na pleananna agus ar na mionsonraí thuas idir 13 Márta 2025 – 11 Aibreán 2025 (san áireamh).
(f) Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a bhaineann leis an fhorbairt bheartaithe, a bhaineann leis an phleanáil chuí agus leis an fhorbairt inbhuanaithe sa cheantar ina mbeidh an fhorbairt ag tarlú, a chur i scríbhinn chuig an Rannóg Tithíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Ionad na dTrí Abhainn, Leifear F93 Y622 nó ar ríomhphost chuig housingcapital@donegalcoco.ie ar nó roimh 4.00in ar an 29 Aibreán 2025. Cuir ainm an togra mar atá leagtha amach sa sceideal thuas ar thosach an chlúdaigh, le do thoil.
Forbairt ar Thithíocht Shóisialta i Machaire Gathlán/Ard na gCeapairí, Doire Beag, Dún na nGall
AN TACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000 – ALT 179
NA RIALACHÁIN UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2001 – AIRTEAGAL 81
FÓGRA DE BHUN AIRTEAGAL 81, CUID 8 DE NA RIALACHÁIN THUAS, (“na Rialacháin”), A BHAINEANN LE FORBAIRT ATÁ BEARTAITHE AG COMHAIRLE CONTAE DHÚN NA NGALL
Teideal an Togra: Forbairt ar Thithíocht Shóisialta i Machaire Gathlán/Ard na gCeapairí, Doire Beag, Dún na nGall
TUGTAR FÓGRA leis seo go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall (“an Chomhairle”) leis an fhorbairt bheartaithe a dhéanamh mar atá sonraithe in alt (b) thíos agus a bhaineann le:-
(a) Láthair na forbartha atá suite ar thalamh i Machaire Gathlán/Ard na gCeapairí, Doire Beag, Dún na nGall.
(b) Cur síos agus méid na forbartha atá beartaithe: -
(c) Is fothairseach í an fhorbairt bheartaithe le haghaidh measúnacht tionchair timpeallachta (“MTT”) mar atá leagtha amach in Airteagal 92 de na Rialacháin agus measann an Chomhairle, bunaithe ar réamhscrúdú a rinneadh ar nádúr, ar láthair agus ar mhéid na forbartha atá beartaithe de réir Airteagal 120 (1)(b)(i), gur beag an éifeacht a bheadh ag an fhorbairt bheartaithe ar an timpeallacht agus nach gá measúnacht tionchair timpeallachta (“MTT”) a dhéanamh. Beidh fáil ar chóip den Réamhscrúdú féin agus den chonclúid agus is féidir mionscrúdú a dhéanamh orthu nó iad a cheannach mar aon leis na cáipéisí a bhfuil tagairt déanta dóibh in alt (e) thíos.
Mar sin féin, má mheasann aon duine go mbeadh éifeacht ag an fhorbairt atá beartaithe ag an Chomhairle, ar an timpeallacht, is féidir leis nó léi ag aon am taobh istigh de thréimhse 4 seachtaine ó dháta foilsithe an fhógra seo, iarratas a dhéanamh faoi Airteagal 120(3)(b) de na Rialacháin, chuig An Bord Pleanála (64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902) ar dheimhniú a bhaineann le scagadh a dhéanamh, a thabharfadh le fios cé acu a bheadh nó nach mbeadh a leithéid d’éifeacht amhlaidh.
(d) Rinne an Chomhairle scagadh den chineál céanna de réir Airteagal 250(1) de na Rialacháin chun a chinntiú nach gá measúnacht chuí (“AA”) a dhéanamh ar an fhorbairt bheartaithe agus dheimhnigh siad i bhfianaise na heolaíochta nach mbeadh éifeacht mhór ag an fhorbairt seo ar bhun aonair nó i gcomhar le pleananna nó le tograí eile, ar láithreán Eorpach i bhfianaise aidhmeanna caomhnaithe an láithreáin agus nach gá measúnacht chuí (“AA”) a dhéanamh. Beidh fáil ar chóip den deimhniú seo, ina bhfuil na príomhchúiseanna agus ceisteanna ar a raibh an deimhniú féin bunaithe, agus is féidir mionscrúdú a dhéanamh air nó é a cheannach mar aon leis na cáipéisí a bhfuil tagairt déanta dóibh in alt (e) thíos.
Mar sin féin, má mheasann aon duine go mbeadh éifeacht ag an fhorbairt atá beartaithe ag an Chomhairle, ar Láithreán Eorpach, is féidir leis nó léi iarratas a dhéanamh faoi Airteagal 250(3)(b) de na Rialacháin, chuig An Bord Pleanála (64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902) ar dheimhiú a thabharfadh le fios cé acu a bheadh nó nach mbeadh a leithéid d’éifeacht amhlaidh agus cuirfidh an Bord deimhniú ar fáil a luaithe is féidir. I gcás aon iarratas a dhéanfar, ní mór go gcuirfear síos ar na cúiseanna a mheastar go mbeadh éifeacht ag an fhorbairt bheartaithe ar Láithreán Eorpach.
(e) Is féidir mionscrúdú a dhéanamh ar na pleananna agus ar na mionsonraí a bhaineann leis an fhorbairt bheartaithe ar líne ag https://consult.donegal.ie/ nó in oifigí na Comhairle mar atá leagtha amach thíos. Is féidir iad a cheannach (ar tháille réasúnta a bheadh le cóip a dhéanamh) ag:
Rphost: housingcapital@donegalcoco.ie
Luan go hAoine
(ní chuirtear lá saoire bainc ná deireadh seachtaine san áireamh)
Leifear,
Co. Dhún na nGall,
F93 Y622
Rphost: housingcapital@donegalcoco.ie
Luan go hAoine
(ní chuirtear lá saoire bainc ná deireadh seachtaine san áireamh)
Is féidir mionscrúdú a dhéanamh ar na pleananna agus ar na mionsonraí thuas idir 13 Márta 2025 – 11 Aibreán 2025 (san áireamh).
(f) Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a bhaineann leis an fhorbairt bheartaithe, a bhaineann leis an phleanáil chuí agus leis an fhorbairt inbhuanaithe sa cheantar ina mbeidh an fhorbairt ag tarlú, a chur i scríbhinn chuig an Rannóg Tithíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Ionad na dTrí Abhainn, Leifear F93 Y622 nó ar ríomhphost chuig housingcapital@donegalcoco.ie ar nó roimh 4.00in ar an 29 Aibreán 2025. Cuir ainm an togra mar atá leagtha amach sa sceideal thuas ar thosach an chlúdaigh, le do thoil.
Roinn
Téamaí
Ábhair