ar Athrú Molta Uimh.1 de chuid Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2024-2030
Tá na cáipéisí tábhachtacha ar fad ar fáil ag: Athrú Molta -Plean Forbartha Dhún na nGall 2024-2030
Déantar a fhógairt leis seo, de bhun Alt 58(13) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024 (arna leasú), go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh Athruithe Ábhartha Molta a ullmhú ar Athrú Molta Uimh. 1 de chuid Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2024-2030.
Áirítear leis na hAthruithe Molta sin –
Leasuithe ar na Pleananna Limistéir atá molta don Chlochán Liath, do Bhéal Átha Seanaidh, Ceann Droichid, Carn Domhnach, Baile Dhún na nGall agus na Cealla Beaga agus dá bPleananna Iompair Áitiúil faoi seach.
Leasuithe ar Phlean Limistéir reatha Bhaile Féich/Shrath an Urláir.
Leasuithe ar Phlean Limistéir reatha Bhun Cranncha.
Leasuithe ar Phlean Limistéir agus Phlean Iompair Áitiúil reatha Leitir Ceanainn 2023-2029.
Leasuithe ar na ceantair reatha ar ‘creata lonnaíochta’ iad: Ard a’ Rátha, An Craoslach, Cúil Dabhcha, Gleann Daoile, Dún Fionnachaidh, Fathain, Lathaigh, Máinéar Uí Chuinneagáin agus Baile Nua Uí Chuinneagáin.
Tacaíocht bheartais a chur san áireamh don fhorbraíocht turasóireachta agus áineasa muiríne agus tí ósta ag muiríne Fhathna.
Lonnaíocht Dhroim Eochaille a ainmnú ina ‘chlachan’, a chuirfeadh tacaíocht bheartais ar fáil do thithe aon uaire gan aon srianta áitíochta bheith i bhfeidhm.
Beartas agus cuspóir nua a chur isteach sa Phlean Forbartha Contae i dtaca le forbraíochtaí tithe cónaí faoin tuath.
Beartas nua a chur isteach i bPlean Forbartha an Chontae mar thacaíocht le neartú an líonra leictreachais mheánvoltais agus ísealvoltais i nDún na nGall.
Beartas nua do bhailte a chur isteach a bhfuil Plean Limistéir acu mar thacaíocht le straitéisí bainistithe páirceála a fhorbairt de réir mar is gá.
De réir Alt 58(13)(b) agus Alt 58(13(c) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024 (arna leasú), tá socrú déanta gur gá Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus Measúnú Cuí (MC) a chur i gcrích i ndáil leis na hathruithe ábhartha molta.
Tá na cáipéisí a leanas foilsithe agus ar fáil le breathnú orthu agus don chomhairliúchán poiblí:
Athruithe Ábhartha Molta ar Athrú Molta Uimh. 1 de chuid Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2024-2030
Na socruithe ag an údarás pleanála maidir leis an ghá le Measúnu Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnú Cuí i ndáil leis na hathruithe molta.
An Tuarascáil Timpeallachta maidir leis na hAthruithe Ábhartha Molta ar Athrú Molta Uimh. 1, arna hullmhú de réir Rialacháin an Mheasúnaithe Straitéisigh Timpeallachta.
An Tuarascáil Tionchair Natura maidir leis na hAthruithe Ábhartha Molta ar Athrú Molta Uimh. 1, arna hullmhú de réir Chuid 6 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024 (arna leasú).
Measúnú Straitéiseach Riosca Tuilte ar Athrú Molta Uimh. 1 lena n-áirítear measúnú ar na hAthruithe Ábhartha Molta.
Is féidir breathnú ar na hAthruithe Ábhartha Molta agus na doiciméid bhainteacha idir an Aoine 5 Meitheamh 2026 agus an Aoine 3 Iúil 2026 ar na dóigheanna seo a leanas:
Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall, Droim Lonachair, Baile Dhún na nGall agus
i leabharlanna an Chontae le linn a n-uaireanta oscailte faoi seach.
Tá cóipeanna crua de na doiciméid ar fáil le ceannach fosta ó Fhoireann Pleanála Chun Cinn na Roinne Pleanála (déan teagmháil leo ar 074 9153900 nó seol ríomhphost chuig planningcpu@donegalcoco.ie).
Tabharfaidh an t-údarás pleanála aird ar aon aighneachtaí scríofa i dtaca leis na hathruithe molta ábhartha ar an athrú molta nó maidir leis na tuarascálacha bainteacha a dhéanfar leis an údarás pleanála idir an Aoine 5 Meitheamh agus an Aoine 3 Iúil 2026, sula ndéanfar an t-athrú ar an Phlean Forbartha.
Ní thabharfar aird ach ar aighneachtaí a dhéanfar i dtaca leis na hAthruithe Ábhartha Molta agus na doiciméid bhainteacha (lena n-áirítear aighneachtaí a bhaineann leis na tionchair shuntasacha is dócha a bheidh ar an timpeallacht nuair a chuirfear na hAthruithe Ábhartha Molta i bhfeidhm) sula ndéanfar an tAthrú. Ní féidir aird a thabhairt ag an phointe seo sa phróiseas ar aighneachta a bhaineann le haon chuid eile d’Athrú Molta Uimh. 1.
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar cheann de na bealaí seo a leanas:
Trí thairseach an chomhairliúcháin agconsult.donegal.ie
Trí ríomhphost chuig: planningcpu@donegalcoco.ie (cuir isteach an méid seo a leanas mar Theideal an Ábhair, le do thoil: “Athruithe Ábhartha Molta ar Athrú Molta Uimh. 1 de chuid Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2024-2030”)
Tríd an phost ag an seoladh a leanas: CDP 2024 Athrú Uimh.1-Athruithe Ábhartha, Lar-Aonad Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, Áras an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622.
Tabhair do d’Aire: Déan d’aighneacht ar dhóigh amháin, i.e. cóip chrua, ríomhphost nó trí thairseach an chomhairliúcháin.
Is í an Aoine 3 Iúil 2026 an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí. Foilseofar aighneachtaí nó moltaí i scríbhinn (leasaithe ar mhaithe le príobháideachas agus cúrsaí dlí) ar shuíomh gréasáin an údaráis phleanála laistigh de 10 lá oibre ón uair a fhaigheann an t-údarás sin iad, ach amháin i gcásanna eisceachtúla.
Proposed Material Alterations to the Proposed Variation (No. 1) to the County Donegal Development Plan 2024-2030
Cluaisíní príomha
Athruithe Ábhartha Molta
ar Athrú Molta Uimh.1 de chuid Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2024-2030
Tá na cáipéisí tábhachtacha ar fad ar fáil ag: Athrú Molta - Plean Forbartha Dhún na nGall 2024-2030
Déantar a fhógairt leis seo, de bhun Alt 58(13) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024 (arna leasú), go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh Athruithe Ábhartha Molta a ullmhú ar Athrú Molta Uimh. 1 de chuid Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2024-2030.
Áirítear leis na hAthruithe Molta sin –
De réir Alt 58(13)(b) agus Alt 58(13(c) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024 (arna leasú), tá socrú déanta gur gá Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus Measúnú Cuí (MC) a chur i gcrích i ndáil leis na hathruithe ábhartha molta.
Tá na cáipéisí a leanas foilsithe agus ar fáil le breathnú orthu agus don chomhairliúchán poiblí:
Is féidir breathnú ar na hAthruithe Ábhartha Molta agus na doiciméid bhainteacha idir an Aoine 5 Meitheamh 2026 agus an Aoine 3 Iúil 2026 ar na dóigheanna seo a leanas:
Tá cóipeanna crua de na doiciméid ar fáil le ceannach fosta ó Fhoireann Pleanála Chun Cinn na Roinne Pleanála (déan teagmháil leo ar 074 9153900 nó seol ríomhphost chuig planningcpu@donegalcoco.ie).
Tabharfaidh an t-údarás pleanála aird ar aon aighneachtaí scríofa i dtaca leis na hathruithe molta ábhartha ar an athrú molta nó maidir leis na tuarascálacha bainteacha a dhéanfar leis an údarás pleanála idir an Aoine 5 Meitheamh agus an Aoine 3 Iúil 2026, sula ndéanfar an t-athrú ar an Phlean Forbartha.
Ní thabharfar aird ach ar aighneachtaí a dhéanfar i dtaca leis na hAthruithe Ábhartha Molta agus na doiciméid bhainteacha (lena n-áirítear aighneachtaí a bhaineann leis na tionchair shuntasacha is dócha a bheidh ar an timpeallacht nuair a chuirfear na hAthruithe Ábhartha Molta i bhfeidhm) sula ndéanfar an tAthrú. Ní féidir aird a thabhairt ag an phointe seo sa phróiseas ar aighneachta a bhaineann le haon chuid eile d’Athrú Molta Uimh. 1.
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar cheann de na bealaí seo a leanas:
Tabhair do d’Aire: Déan d’aighneacht ar dhóigh amháin, i.e. cóip chrua, ríomhphost nó trí thairseach an chomhairliúcháin.
Is í an Aoine 3 Iúil 2026 an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí. Foilseofar aighneachtaí nó moltaí i scríbhinn (leasaithe ar mhaithe le príobháideachas agus cúrsaí dlí) ar shuíomh gréasáin an údaráis phleanála laistigh de 10 lá oibre ón uair a fhaigheann an t-údarás sin iad, ach amháin i gcásanna eisceachtúla.
Éamonn de Brún,
Stiúrthóir Gníomhach Seirbhíse,
An Stiúrthóireacht Pleanála, Pobail & Cultúir,
Comhairle Contae Dhún na nGall,
Áras an Chontae,
Leifear,
Co. Dhún na nGall.
F93 Y622
Roinn
Aighneachtaí
Themes
Ábhair