Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh tús a chur le hAthrú Molta ar an Phlean Forbartha Contae 2024-2030 a ullmhú.Seo a leanas cuspóir an athraithe -
Pleananna Ceantair nua don Chlochán Liath, Béal Átha Seanaidh, Ceann Droichid, Carn Domhnaigh, Baile Dhún na nGall agus na Cealla Beaga a chur isteach sa Phlean Forbartha Contae. Beidh na Pleananna Ceantair nua in áit ‘Plean Ceantair Áitúil Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024’ atá ann faoi láthair;
Leasú a dhéanamh ar chriosú láthair NR2.16 i gCnoc an Choiligh, Bun Cranncha – ó ‘Chéim Chónaí Nua 2’ go ‘Céim Chónaí Nua 1’; agus
Leasú a dhéanamh ar chriosú úsáide talaimh de bhun aighneachtaí úinéirí talaimh a bhaineann le Cáin ar Thalamh Cónaí Criosaithe (RZLT), nuair is cuí, taobh istigh de na lonnaíochtaí ábhartha ar fud Chontae Dhún na nGall.
Is den riachtanas go mbeidh ionchur an phobail sa phlean, agus dá réir sin tá an Chomhairle ag tabhairt faoi Chomhairliúchán Réamh-Dhréachtach idir an 7ú agus an 28ú Feabhra 2025.
Tá Páipéar Saincheisteanna foilsithe ina bhfuil forléargas ar na saincheisteanna is mó sna bailte chun an plé a chothú.
Is féidir leis an phobal páirt a ghlacadh agus cead cainte a bheith acu ar bhealach acu seo a leanas:
Freastal ar cheann de na hImeachtaí Buail Isteach áitiúla poiblí:
Baile
Ionad
Dáta agus Am
Baile Dhún na nGall
Seomra na Comhairle, Ionad Seirbhísí Poiblí Dhún na nGall
Dé Luain 17 Feabhra,
3in-8in
Béal Átha Seanaidh
Leabharlann Bhéal Átha Seanaidh
Dé Luain 17 Feabhra,
3in-8in
Carn Domhnaigh
Seomra na Comhairle, Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnaigh
Dé Máirt 18 Feabhra,
3in-8in
Na Cealla Beaga
Ostán Radharc an Chuain
Dé Máirt 18 Feabhra,
3in-8in
An Clochán Liath
Seomra na Comhairle, Ionad Seirbhísí Poiblí An Clochán Liath
Dé Céadaoin 19 Feabhra, 3in-8in
Ceann Droichid
Scoil Náisiúnta N. Aonghas
Dé Céadaoin 19 Feabhra, 3in-8in
Aighneacht Scríofa a dhéanamh faoi 4:30in Dé hAoine 28Feabhra 2025 ar bhealach acu seo:
Post: Lár-Aonad Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622.
Ar líne: Tairseach comhairliúcháin na Comhairle ag consult.donegal.ie
Cuir Proposed Variation (No. 1) to the CDP 2024-2030 mar ábhar sa ríomhphost /mar theideal ar an litir agus ná cuir isteach aighneacht ach ar aon dóigh amháin (i.e. ríomhphost, post nó ar líne).
Is féidir aighneachtaí a fholú chun críche an phríobháideachais agus a fhoilsiú ar consult.donegal.ie faoi 10 lá oibre ó cuireadh isteach iad (seachas faoi dhálaí eisceachtúla).
Comhairliúchán Poiblí Réamh-Dhréachtach Athrú Molta (Uimh. 1) ar Phlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2024-2030
Primary tabs
Athrú Molta (Uimh. 1) ar Phlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2024-2030
Comhairliúchán Poiblí Réamh-Dhréachtach
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh tús a chur le hAthrú Molta ar an Phlean Forbartha Contae 2024-2030 a ullmhú. Seo a leanas cuspóir an athraithe -
Is den riachtanas go mbeidh ionchur an phobail sa phlean, agus dá réir sin tá an Chomhairle ag tabhairt faoi Chomhairliúchán Réamh-Dhréachtach idir an 7ú agus an 28ú Feabhra 2025.
Tá Páipéar Saincheisteanna foilsithe ina bhfuil forléargas ar na saincheisteanna is mó sna bailte chun an plé a chothú.
Is féidir leis an phobal páirt a ghlacadh agus cead cainte a bheith acu ar bhealach acu seo a leanas:
Baile
Ionad
Dáta agus Am
Baile Dhún na nGall
Seomra na Comhairle, Ionad Seirbhísí Poiblí Dhún na nGall
Dé Luain 17 Feabhra,
3in-8in
Béal Átha Seanaidh
Leabharlann Bhéal Átha Seanaidh
Dé Luain 17 Feabhra,
3in-8in
Carn Domhnaigh
Seomra na Comhairle, Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnaigh
Dé Máirt 18 Feabhra,
3in-8in
Na Cealla Beaga
Ostán Radharc an Chuain
Dé Máirt 18 Feabhra,
3in-8in
An Clochán Liath
Seomra na Comhairle, Ionad Seirbhísí Poiblí An Clochán Liath
Dé Céadaoin 19 Feabhra, 3in-8in
Ceann Droichid
Scoil Náisiúnta N. Aonghas
Dé Céadaoin 19 Feabhra, 3in-8in
Cuir Proposed Variation (No. 1) to the CDP 2024-2030 mar ábhar sa ríomhphost /mar theideal ar an litir agus ná cuir isteach aighneacht ach ar aon dóigh amháin (i.e. ríomhphost, post nó ar líne).
Is féidir aighneachtaí a fholú chun críche an phríobháideachais agus a fhoilsiú ar consult.donegal.ie faoi 10 lá oibre ó cuireadh isteach iad (seachas faoi dhálaí eisceachtúla).
Roinn
Aighneachtaí
Téamaí
Ábhair