Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag ullmhú a chéad Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Contae, le tacaíocht ón Chomhairle Oidhreachta, agus ba mhaith linn do thuairimí a chloisteáil. Tá do chuidiú á lorg againn chun na saincheisteanna atá roimh an bhithéagsúlacht i gContae Dhún na nGall a mheas agus scagadh a dhéanamh ar na tosaíochtaí agus ar na réimsí gníomhaíochta féideartha a d’fhéadfadh cur le Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta úr Dhún na nGall.
Beidh an comhairliúchán seo ar an phlean réamhdhréachta ar oscailt ón Luan, an 4 Samhain 2024 go dtí an Luan, an 23 Nollaig 2024.
Cuir Do Thuairim in Iúl!
Is féidir leat a bheith páirteach agus Do Thuairim a Chur in Iúl ar roinnt bealaí:
Go pearsanta – Is féidir leat freastal ar cheann dár gcúig Chlinic Bithéagsúlachta Buail Isteach ar fud Dhún na nGall.
Dé Sathairn, 16 Samhain ó 11r.n. - 2i.n. @ Leabharlann Bhun Cranncha
Dé Máirt, 19 Samhain ó 4-7i.n. @ Ionad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn
Dé Céadaoin, 20 Samhain ó 4 - 7i.n. @ Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair
Dé Máirt, 26 Samhain ó 4 - 7i.n. @ The Base / Leabharlann an Dá Bhaile, Srath an Urláir
Dé Sathairn, 7 Nollaig ó 11r.n. - 2i.n. @ Leabharlann Bhun Dobhráin
Ar líne – Forbraíodh ceistneoir chun do thuairimí agus do smaointe a bhailiú maidir le gníomhaíochtaí ba chóir a chur san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta. Is féidir na ceistneoirí sin a chur chugainn ar líne nó fríd an ríomhphost.
Téigh chuig tairseach comhairliúcháin na Comhairle ar líne ag consult.donegal.ie
Nó seol d’aighneacht féin ar ríomhphost chuig biodiversity@donegalcoco.ie (cuir na focail seo ar ‘Líne an Ábhair’: Comhairliúchán Réamhdhréachta ar Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta).
Má bhíonn ceisteanna agat faoin chomhairliúchán nó má bhíonn tuilleadh eolais de dhíth ort déan teagmháil le: Julie Corry, Oifigeach Bithéagsúlachta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Contae Dhún na nGall. Guthán: (074) 9172374 R-phost: biodiversity@donegalcoco.ie
Thug an Chomhairle Oidhreachta tacaíocht mhaoinithe do Chomhairle Contae Dhún na nGall le Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Dhún na nGall a fhorbairt, fríd an chlár Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Údáráis Áitiúil/Contae. Tá Clár na nOifigeach Bithéagsúlachta sna hÚdaráis Áitiúla á reáchtáil i gcomhar leis an Chomhairle Oidhreachta.
Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Dhún Na Ngall (2025 – 2030) - Comhairliúchán Ar An Phlean Réamhdhréachta
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag ullmhú a chéad Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Contae, le tacaíocht ón Chomhairle Oidhreachta, agus ba mhaith linn do thuairimí a chloisteáil. Tá do chuidiú á lorg againn chun na saincheisteanna atá roimh an bhithéagsúlacht i gContae Dhún na nGall a mheas agus scagadh a dhéanamh ar na tosaíochtaí agus ar na réimsí gníomhaíochta féideartha a d’fhéadfadh cur le Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta úr Dhún na nGall.
Beidh an comhairliúchán seo ar an phlean réamhdhréachta ar oscailt ón Luan, an 4 Samhain 2024 go dtí an Luan, an 23 Nollaig 2024.
Cuir Do Thuairim in Iúl!
Is féidir leat a bheith páirteach agus Do Thuairim a Chur in Iúl ar roinnt bealaí:
Go pearsanta – Is féidir leat freastal ar cheann dár gcúig Chlinic Bithéagsúlachta Buail Isteach ar fud Dhún na nGall.
Ar líne – Forbraíodh ceistneoir chun do thuairimí agus do smaointe a bhailiú maidir le gníomhaíochtaí ba chóir a chur san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta. Is féidir na ceistneoirí sin a chur chugainn ar líne nó fríd an ríomhphost.
Má bhíonn ceisteanna agat faoin chomhairliúchán nó má bhíonn tuilleadh eolais de dhíth ort déan teagmháil le: Julie Corry, Oifigeach Bithéagsúlachta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Contae Dhún na nGall. Guthán: (074) 9172374 R-phost: biodiversity@donegalcoco.ie
Thug an Chomhairle Oidhreachta tacaíocht mhaoinithe do Chomhairle Contae Dhún na nGall le Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Dhún na nGall a fhorbairt, fríd an chlár Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Údáráis Áitiúil/Contae. Tá Clár na nOifigeach Bithéagsúlachta sna hÚdaráis Áitiúla á reáchtáil i gcomhar leis an Chomhairle Oidhreachta.
Roinn
Téamaí
Ábhair